Sanas – Liam Ó Muirthile (2007)

Léann Liam Ó Muirthile dánta as a chnuasach ‘Sanas’ (Cois Life, 2007) agus labhraíonn sé faoin tionscadal foilsitheoireachta neamhghnách seo ar ghlac Iarla Ó Lionaird páirt ann. Tá dlúthdhiosca a théann leis an gcnuasach ar a bhfuil reacaireacht agus ceol a chum an bheirt ealaíontóirí. Foilsithe ag Cois Life…

Léigh tuilleadh

Seanfhocla Chonnacht – Donla uí Bhraonáin (2010)

Seanfhocla Chonnacht – Donla uí Bhraonáin ag labhairt faoina hatheagrán den chlasaic seo a thiomsaigh Tomás S. Ó Máille an chéad lá. Tráchtann sí ar chúlra an leabhair, ar an ábhar agus ar na gnéithe breise a bhaineann leis an eagrán seo – go háirithe an dlúthiosca a chuireann…

Léigh tuilleadh

Alex Hijmans – Favela (2009)

Favela, foilsithe ag Cois Life, 2009. Téacs © Alex Hijmans, grianghraif san fhíseán seo © Alex Hijmans, ceol san fhíseán © Cois Life. Cónaíonn Alex Hijmans i mbruachbhaile bocht, contúirteach sa Bhrasaíl. An t-aon duine den chine geal i gceantar plódaithe, ina bhfuil sliocht na nAfraiceach a tugadh mar…

Léigh tuilleadh

Dermot Somers – Rince ar na Ballaí (2002)

Rince ar na Ballaí, foilsithe ag Cois Life, 2002. Téacs © Dermot Somers, grianghraif san fhíseán seo © Robbie Fenlon, John Murray agus Dermot Somers, ceol san fhíseán © Cois Life. Cuntas atá sa leabhar ar a shaol sléibhteora, i stíl shnoite ardcheardúil. Eachtraí a bhain de, daoine a…

Léigh tuilleadh

Closleabhar le Mac Mathúna agus Tóibín (2009)

Samhain 2009 Ag ócáid ceiliúrtha in Amharclann na Mainistreach i mí na Samhna 2009, sheol an t-aiseoir iomráiteach Barry McGovern an closleabhar Gearrscéalta le Seán Mac Mathúna á léamh ag Niall Tóibín. Ocht scéal as an gcnuasach Úlla atá ar na ceithre dhlúthiosca sa phacáiste seo in abhfuil leabhrán…

Léigh tuilleadh