|
Léirmheasanna
…Ar nós na scríbhneoireachta
is fearr cuireann na scéalta seo ar do chumas bheith
beo ar shlí eile, saol eile a chaitheamh. Is méadú
ar stór do mheanma agus do mhisnigh iad. Tugann na
scéalta seo cuntas ar thurraing an tsaoil faoi ghné
amháin nó gné eile. Dearbhaíonn
siad gearán nó casaoid na spride agus an mhisnigh
in aghaidh na turrainge céanna sin. Tugann siad timthriall
na beatha chun críche laistigh de theorainneacha ealaín
na gearrscéalaíochta. Scaoileann siad muid láithreach,
mar a dúirt Seán Ó Ríordáin,
ó ghéibheann ár n-aigne féin.
Brúnn an tsamhlaíocht sna scéalta seo
in aghaidh brú an tsaoil, in aghaidh an éirí
in airde, in aghaidh na tuairime coitianta, in aghaidh an
ansmachta laethúil. Seo é sprid an duine ina
lándúiseacht. Tagann sciatháin faoin
bprós agus crochann siad an léitheoir chun siúil
i dtreo na síoraíochta nó 'go háit
ná feadar'. Nó dorchaíonn ar an teanga
agus tumtar é sa duibheagán: 'D'éist
Bagnall lena phionta agus na mílte cloigíní
sa chúr á leá is á mbá
- amhail is a bhí anamacha na marbh ag glaoch ar uisce'….
Eoghan Ó hAnluain, Feasta - Nollaig 1999
Ní nach ionadh gur bhain
sé Gradam Uí Shúilleabháin nuair
a chuimhnítear ar fheabhas an ábhair agus slacht
na cuma.
Dónall Ó Braonáin, Foinse - 19
Nollaig 1999
Tá sárchumas
teanga le brath sna scéalta ar fad, go háirithe
sa chomhrá agus sna habairtí gonta a sholáthraíonn
cúlbhrat oiriúnach go minic do mhionsonraí
drámatúla an scéil: "Níor
labhair éinne sa ghleann seo againne mar is lenár
gciúnas a ghéilltear urraim", mar shampla,
sa scéal "Gadaithe" mar léiriú
ar atmaisféar tí le linn tórraimh.
Máirín Nic Eoin, Foinse - 9 Eanáir
2000
"Mar is é mórbhua
na scéalta seo ná samhlaíocht bhuile
bhuacach an údair, samhlaíocht a scrúdaíonn
aistíl agus camastaíl, agus greann agus míghreann
an tsaoil.
Trevor Sargent, TD, Foinse - 21 Samhain 1999
Scéalaí
é an Mathúnach a lonnaíonn é féin
i ndeireadh ré, i ndeireadh pósta, i ndeireadh
cairdis, i ndeireadh áir. Ní haon Oisín
i ndiaidh na Féinne é, ach scéalaí
a thagann i dtír ar an teip dhaonna agus a cheiliúrann
é i bprós deisbhéalach dea-chainteach
greannmhar bríomhar nach bhfuil a shárú
ar fáil…Gabh amach agus ceannaigh Banana duit
féin!
Darach Ó Scolaí, Cuisle - Nollaig 1999
|
|
Sliocht
Leaca an Tí
Mhóir
D'fheicimís uainn a
gcuid páirceanna, ina 'lawns', is beithígh de
chuid an ghabhairmint bull ag iníor go socair iontu.
Uaireanta d'fheicidís na gabhair is na caoirigh seo
againne ar an gcnoc. Chloisimís i gcónaí
a gcuid Béarla. Annamh a chloisidís siúd
ár gcuidne Béarla. Ach ar scoil.
'There voss many grasses in the field for the cow to be et.'
Ba bheag nár thit Micí Thaidhg, an múinteoir,
den chathaoir le gáire.
'Jaysus, Leary, you'll be the death of me,' ar seisean. Ní
fhéadaimísne ó Ghleann Easna aon lámh
a dhéanamh ar 'Z' an Bhéarla. 'Sip' a bhí
ar mo chasóg, agus, dá bharr sin, bhíos
'lasy' agus 'crasy'. Maidir le focail dar tús wh -
fot, fy, fwere, fwin, fot for, black and fite - bhíomar
inár seó bóthair acu. 'Fotters' Ghleann
Easna a thugtaí orainn.
Dá bhíthin sin bhíos fiáin chun
an Béarla a fhoghlaim. Agus an lá a chonac The
American Treasure Annual ag Teddy Connor ar scoil, shantaíos
é - ar dtús ar son an Bhéarla. Bhí
crothán Béarla sa bhaile againn, ar ócáidí
speisialta, ach thuigeamar nach raibh ann ach plobarnach leitean.
Maidin amháin ghlaoigh mo mháthair ar Mháire
a bhí ag ullmhú an bhricfeasta:
'Put deown a negg for Seán, for Seán's goin
to Meiriceá.' Seán, an deartháir ba shine,
d'fhreagair sé ón leaba sa lochta: 'Put deown
neo negg for Seán, for Seán's goin to neo Meiriceá
nor South Nafrica naythur.
Shantaíos an Béarla, shantaíos an annual,
shantaíos an long.
Bhíodh sé ar scoil aige gach aon lá,
scata againn bailithe timpeall air am lóin.
'Go back to Dick Tracey,' a deirimís leis. Bhí
Teddy breá sásta buíochas an tslua a
bheith á tharrac aige, mar cé go raibh sé
deas mar dhuine, ní raibh an gliocas ná an diabhlaíocht
ann a dhéanfadh laoch de. De réir a chéile
d'fhás an annual ina ainmhian dosmachtaithe ionam.
Agus mé ag sá i gcoinne an aird ón scoil,
smaoineoinn ar Superman, agus ar Dick Tracey, a raibh smig
chearnógach fhearúil aige; ar éigean
a d'fhan aon smig ag m'athair. Agus na mná, cuid acu
leathnocht. Agus chuimhneoinn ar mhná an pharóiste
agus ar mo mháthair - ní raibh iontu go léir
ach scata sprideanna. Agus na dathanna. D'fhéachas
im thimpeall; canathaobh nach bhféadfadh an gorm a
bheith ina ghorm, an glas ina ghlas, an dearg ina dhearg,
in ionad a bheith tréigthe mar éadaí
tincéara. Shantaíos bándearg.
Ach ní thabharfadh Teddy uaidh é gan mhalartú,
nó mharódh a athair, Mike Dan, é. Ach
malartú ní raibh agam. Ní raibh de leabhair
sa teach ach cóip de Old Moore's Almanac, cóip
de Bhíobla Bhedel a léinn le dua ó am
go chéile, agus 'the Book'. Ní fhéadfadh
éinne 'the Book' a léamh, ná an teideal,
Good Husbandry. Ach na pictiúirí, bhíodar
feicthe is seanfheicthe againn: bulláin, tairbh, reithí
agus muca, iad chomh ramhar le cocaí féir. Níor
mhór talamh speisialta a bheith acu nó shuncálfaí
iad. B'in a raibh de litríocht sa teach - rud a d'fhág
mé gan aon chaitheamh aimsire ach Méirín.
Peata mionnáin ba ea Méirín, a bhí
níos cliste is níos dílse domsa ná
aon mhadra. Bhí Harry, an madra caorach, dulta in aois
go mór is ba ghearr a théarma. Bhí poll
bainte aige sa tuí a bhí sa scioból agus
is ann a d'fhanadh sé, ag sméideadh amach ar
laethanta deiridh a shaoil.
Chomh luath is a thagainn abhaile léimeadh Méirín
ón ngeata anuas ar mo ghualainn, agus is ann a chaitheadh
sé cuid mhaith den tráthnóna, gach me-he
as. Bhí an-choinneáil ag na crúibíní
aige. Léimfeadh sé is sheasfadh sé ar
bhiorán. Chonac in áiteanna é ná
coinneodh cat a ghreamanna ann. Bhí fáinne de
bhuicéid bunoscionn san iothlann agam. Ba chleas le
Méirín gabháil timpeall go tapaidh ó
cheann go chéile go mbaineadh sé sórt
scála ceoil astu. Ba dhána an t-éadan
a bhí air, is ní raibh aon támáilteacht
air dul isteach sa chistin ar an déirc, nó cantam
aráin a ghoid ón mbord; ach bhí mo mháthair
fabhrach leis, is níorbh fhearr léi scéal
de ná an gabhairín a fheiscint i mbéal
an dorais.
Lean Dick Tracey ag gabháil steallaidh ar m'aigne.
Lean an tathant agam ar Teddy. Bhíos lántoilteanach
bradaíocht a dhéanamh ar son an annual - cearc,
lacha, gé, mála prátaí - ach ní
éisteodh Teddy. Bhí rud éigin uaidh féin,
dó féin.
Satharn amháin bhíos ar bharr an charn aoiligh,
á mhaolú anuas le píce. Go tobann thiomáin
gluaisteán isteach sa chlós. Mike Dan is Teddy
a bhí ann. Rith mo dhaid amach chucu mar iontas ba
ea an gluaisteán. Ritheas féin le náire
uathu, a rá is gur rugadh orm cosnochta is cac go glúin
orm. Thumas na cosa sa tobán is ritheas an raca trím
chuid gruaige sa chistin sarar thaispeánas mé
féin dóibh. Bhí Teddy ansin is an annual
faoina ascaill aige. Gheit mo chroí. An Nollaig a bhí
ann is cá bhfios ná gurbh é sprid na
Nollag a bhog chugam iad. Mike Dan ag caint le m'athair is
gach drochfhéachaint aige mórthimpeall.
'Tá an t-aoileach sin millte agat lena bhfuil d'aiteann
is raithneach tríd. Teacht an tsamhraidh, pléascfaidh
na goirt le salachar.'
'Dhera, bíodh an diabhal ag na goirt, 'deile a dh'fhásadar
riamh ach salachar.'
Lean an chaint. Sa deireadh labhair Mike Dan.
'The garsún wants a swap for his book, you know, something
for something, a malairt, you know.'
'Malairt, malairt,' arsa m'athair, ag tochas a chluaise, is
ag féachaint ar an gcarn aoiligh. Ag an bpointe sin
thuirling Méirín ar mo ghualainn. Chonaic Teddy
é. Anall leis chugam.
'Can he do that to me?' ar seisean.
'Dhera, he can,' arse mise, is bhuaileas cúpla buillín
ar ghualainn Teddy is smeachas mo theanga. Thug Méirín
léim neafaiseach is thuirling go cruinn ar ghualainn
Teddy.
'Hey, Da, look at me, look at the goat.'
Phreab Méirín ar ais ormsa. Sall le Teddy go
dtína athair is chuala an chogarnach. Labhair Mike
Dan.
'He'll take the goat for a swap.'
Bhíos an-sásta: ní dheánfadh cúpla
lá saoire aon dochar do Mhéirín.
'Sladmhargadh,' arsa m'athair. Rinneadh an malartú.
Rugas barróg ar an leabhar ar eagla go mbainfí
díom arís é. Agus Mike Dan ag imeacht,
labhair sé as Gaeilge arís.
'Is fearr marcaíocht ar ghabhar ná coisíocht
dá fheabhas,' ar seisean is gháir sé.
Ghlanadar leo.
D'fhéach m'athair ina ndiaidh.
'An gcualaís cad dúirt an bathlach faoin aoileach?
Maran b'olc an cac a bheadh rómhaith dó.'
D'fhéach sé an geata amach.
'Is dóigh leis na Connors gur dóibh féin
amháin a ghlasann an féar.'
Chas sé is ghluais sé tharam. Stop sé
is d'fhéach sé ar an leabhar.
'Ní thabharfainn cac gé mar mhalairt air,' is
bhailigh sé leis.
Rugas liom an leabhar go dtí mo phluaisín sa
lochta os cionn na mbó, is chromas ar a bheith á
léamh. Bhí focail nár thuigeas, ach le
cabhair na bpictiúirí chuas ina dtaithí.
I lár na Nollag thiomáin an fuacht isteach cois
na tine mé. Bhí m'athair beag beann ar an leabhar
ar dtús, ach tar éis tamaill ní ligfeadh
an fhiosracht dó gan spéis a chur sa rud. Thosaigh
sé ag féachaint ar na pictiúirí,
á moladh is á gcáineadh. Chabhraíos
leis sa scéal.
Bhí sé glan i gcoinne Jesse James, ach Billy
the Kid, b'in fear maith - an?shot aige, agus roinneadh sé
a shlad ar na bochtáin. Ach diabhal as ifreann ba ea
Dick Tracey, a raibh sluasaid mar smig air.
'Ní cheannóinn bó ná capall ó
smig mar sin,' ar seisean.
Bhíodh mo mháthair cráite againn mar
ná fágaimís an tinteán. Tháinig
drochaimsir tar éis na Nollag, is sneachta suas go
húll an dorais. Luíomar isteach i gceart ansin
ar sheanchas an annual. Ní raibh Al Capone 'cneasta'.
Bhí cloiste faoi na 'Dagos' aige ó Phoncánaigh
an pharóiste - drochmheas aige orthu. Ní raibh
aon díomá air nuair a chríochnaíomar
an leabhar mar b'éigean tosú as an nua arís.
Bhí an lándaiteacht ag imirt air. D'fhás
muintearas idir mé féin agus m'athair an Nollaig
sin, muintearas nár sháraigh éinne ó
shin.
Lá Caille bhuaileas bóthar leis an leabhar.
Bhí coscairt tagtha ar an sneachta, is mórthimpeall
orm bhí sileadh, is na crainn ag ticeáil mar
chloig - géim na habhann in imigéin.
'Tá an sneachta alright ach is fearr liom tuf-taf é
ná ina phlub-phlab,' a deireadh m'athair. Ghluaiseas
liom trasna na habhann ar na clocha a dtugaimís Snáthaidí
na Gréine orthu. As go brách liom gur bhaineas
an teach mór amach. Bhíos tnúthánach
le Méirín a fheiceáil mar is cinnte gur
bhraitheamar uainn a chéile.
Chrangas doras an tí mhóir, gur léim
macalla pholl na litreach amach chugam. D'oscail Teddy an
doras.
'Seo dhuit do leabhar, míle buíochas, Teddy,
an dtabharfá Méirín amach chugam?'
Thóg sé an leabhar, ansin: 'Wait there a minute.'
Chuaigh sé isteach is d'fhill láithreach le
Mike Dan. Thóg Mike an leabhar ó Teddy is thug
dom é.
'The book is yours, by, you gave us a goat for it.' D'fhéachas
ar Teddy. Ba leasc liom Béarla a labhairt.
'Twass a sfop,' arsa mise.
'Twas no swap,' arsa Mike; 'twas a goat for a book,' ar seisean
go mursanta liom - thar mar ba ghá.
'Bring Méirín to me out,' arsa mise go stuacach.
'Méirín?' ar seisean le Teddy.
'The goat,' arsa Teddy.
D'fhéach Mike Dan orm agus é ag priocadh rud
éigin as na fiacla.
'Leary, by, your goat is et, and that's all about it; take
your book with you. Teidín, go in to your dinner.'
D'imigh Teddy.
'Sea, a gharsúin, prioc leat abhaile anois nó
béarfaidh an oíche ort.'
D'fhanas mar a bheadh éan is goic air, mé ceangailte
den talamh. Phléasc an fhearg aníos ionam.
'Cad ba ghá dhuit mo ghabhairín a ithe, a bhathlaigh?'
D'úsáideas focal m'athar. D'fhéach Mike
Dan timpeall mar dhea.
'There's no bathlach around here, nor a goat naythur, just
a fotter from Gleann Easna. Mura dtugann tú na cosa
leat láithreach, ar mo leabhar, go gcuirfead na gadhair
ionat,' ar seisean, is phlab sé an doras i m'aghaidh.
Chasas is thugas faoin mbóthar abhaile. Thugas liom
an leabhar, croí trom, agus íomhá. Im
mheabhair d'fhan íomhá Mike Dan ag an doras
ag priocadh na bhfiacla lena mhéir. Faingí fada
fiacla iad mar a gheobhfá ar chapall, is ní
fhéadfainn gan cuimhneamh ar na fiacla céanna
ag mungailt mo Mhéirín. An t-aon ruidín
sa saol a rabhas mór leis - agus mise an t-aon chosaint
aige ar an saol. Is dhíolas é is chaitheas a
chuid feola chuig na beithígh sin, na Connors. Ghéaraíos
ar an gcoisíocht ar eagla go mbrisfeadh mo ghol orm.
Nuair a thángas chomh fada le Snáthaidí
na Gréine, sheasas ar an gcloch láir, is d'osclaíos
an leabhar. D'fhéachas ar na pictiúirí.
Bhí sé ag gabháil ó sholas, is
scáth na Snáthaidí ag scaradh leis an
sruth.
D'fhéachas ar Dick Tracey: ní raibh aon oidhre
air ach Mike Dan - na fiacla céanna. Níor thaise
do Bhilly the Kid is do Mhugs Larkin é. Ní raibh
iontu ach na Connors, gach diabhal duine acu, is teanga dhamanta
na Connors á labhairt acu. Stracas Tracey le fíoch,
agus Superman is iad go léir, is chaitheas san uisce
iad. D'fhéachas ar na leathanaigh ag imeacht mar dhuilliúr
ar bharr tuile. Is geal le croí dubh an ghráin.
B'é díol an chomhair é, dá laghad
é mar iarracht.
Chuireas an clúdach ag léimneach d'ucht na habhann
gur ghreamaigh sé sna feileastraim.
Bhailíos liom. Focal faoi ní fhéadfainn
a rá lem mhuintir nó bheadh sé ina chogadh
dearg idir an dá chlann is mo mháthair ar buile
chugam.
Bhaineas an teach amach. Pioc níor itheas ach d'fhan
cois na tine im thost. Bhí m'athair suite trasna uaim
is gan focal as. Sa deireadh d'éirigh sé is
bhain searradh as, is labhair leis na frathacha.
'Is sleamhain iad leaca an tí mhóir,' ar seisean,
is bhailigh leis a luí. © An tUdar
barr
|