Rugadh
Seán Mac Mathúna i dTrá Lí, Co.
Chiarraí i 1936. D'fhreastail sé ar Choláiste
Bhréanainn i gCill Airne, agus ar Choláiste na
hOllscoile, Corcaigh.
Chaith sé na blianta ag meánmhúinteoireacht
ach chuaigh sé go lánaimseartha i mbun pinn i
lar na n-ochtóidí. Foilsíodh gearrscéalta
leis go rialta san Irish Times agus san Irish Press as Béarla,
agus as Gaeilge san iris Comhar. Thuill sé ionad ar leith
dó féin mar ghearrscéalaí fíorchumasach
leis an gcnuasach Ding (BÁC: An Comhlucht Oideachais,
1983). Bhí cáil ar leith ar úire a shamhlaíochta
agus go háirithe ar a acmhainn ghrinn. Léirigh
Amharclann na Mainstreach dráma leis i 1992, The Winter
Thief / Gadaí Géar na Geamhoíche - ceithre
oíche as Béarla in aghaidh na seachtaine, agus
dhá oíche as Gaeilge, leis an bhfoireann chéanna,
rud nar deineadh riamh cheana i stair na drámaíochta
in Éirinn.
Foilsíodh dhá
agallamh leis san iris Comhar, Deireadh Fómhair 1982
agus Deireadh Fómhair 1989.
D'ainmnigh an Chomhairle Ealaíon
The Atheist, an cnuasach Béarla (Wolfhound, 1987) le
haghaidh Duais Liteartha na hEorpa. In ainneoin nach scríbhneoir
an-bhisiúil é aithníodh i gcónaí
go raibh mianach agus tallann ar leith ann.
Sa bhliain 1999 d'fhoilsigh
sé Banana, an dara cnuasach gearrscéalta Gaeilge.
Bhuaigh Banana Gradam Uí Shúilleabháin
/ Leabhar Gaeilge na bliana 1999.
Léirigh Taibhdhearc
na Gaillimhe a dhráma, Hulla Hul!, i 1999.
|
Banana,
(Baile Átha Cliath: Cois Life, 1999)
Ceardlann 85, (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1988)
The Atheist and Other Stories, (Baile Átha Cliath: Wolfhound,
1987)
Ding agus Scéalta Eile, (Baile Átha Cliath: An
Comhlacht Oideachais, 1983)
Blas, (Baile Átha Cliath: An Comhlacht Oideachais, 1979)
Ráfla, (Baile Átha Cliath: An Comhlacht Oideachais,
1978 |