ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Seán Tadhg Ó Gairbhí ag Cois Life
Súil Eile
Seán Tadhg Ó Gairbhí


Seán Tadhg Ó Gairbhí
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe

Is as Rath Caola in iarthar Luimní do Sheán Tadhg Ó Gairbhí.

Tá céim aige sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ó Choláiste na hOllscoile Éireann Gaillimh.

D’oibrigh sé mar iriseoir leis an nuachtán Foinse ó 2000 go dtí 2009 agus bhí sé mar eagarthóir ar an nuachtán sin ó 2003 go 2009. Bhuaigh sé duais ‘Iriseoir na Bliana’ ó Oireachtas na Gaeilge i 2007 agus 2008 agus arís in 2015. Nuair a dhún an nuachtán Foinse i 2009 thug sé seal ag obair mar Chomhairleoir Gaeilge don Rialtas. Chaith sé tréimhse ansin ag obair mar shaoririseoir, mar Eagarthóir Cúnta leis an iris Comhar agus ag léachtóireacht san iriseoireacht i Fiontar DCU. Is eagarthóir Tuairisc.ie é ó 2014.

Bhí aiste leis i mbailiúchán aistí le hiriseoirí mór le rá, Scéal Scéil: Rúndiamhara na Meán (Cois Life, 2014) agus tá sé i mbun oibre ar leabhar faoi bhunú agus faoi fhorbairt TG4, Súil Eile.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Le teacht

Súil Eile

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála