ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
ÓNÁR mBLAG
  Labhrás Ó Finneadha ag insint dúinn conas ar chum sé ‘Íbíotsa’ / Labhrás Ó Finneadha tells us how he came to compose ‘Íbíotsa’ Anois ó tá cnuasach scéalta liom foilsithe, tá agam an deis blag a scríobh fúthu. Tosód le hainm an leabair ‘Íbíotsa’; i...
  New collection of stories/Bailiúchán nua scéalta  ISBN:978-1-907494-53-6 Praghas: €10 Tá bailiúchán nua scéalta le Labhrás Ó Finneadha, Íbíotsa, ar fáil anois. Scéil...
Labhrás Ó Finneadha ag Cois Life
Íbíotsa
Labhrás Ó Finneadha
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Labhrás Ó Finneadha
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Labhrás Ó Finneadha

Sa Spidéal, i gCois Fharraige, a tógadh Labhrás Ó Finneadha. Lean sé cúrsa léinn in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, mar ar bhain sé M.A. sa Ghaeilge amach. Chun na Gearmáine a chuaigh sé ansin, áit ar chaith sé dhá bhliain go leith ag obair in Ollscoil Wuppertal. D’fhill sé ar Éirinn ag tús an chéid, ach níor fhan sé mórán blianta ann nó gur chroch sé na seolta arís agus thug a aghaidh ar Lucsamburg. Bronnadh céim mháistreachta i ndlí an Aontais Eorpaigh air in 2009.

Tá giotaí beaga litríochta scríofa aige agus bhí dánta leis ar an ngearrliosta do Chomórtas Uí Néill (Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge) in 2009 agus 2010. Fuair sé an chéad áit i gcomórtas an Oireachtais (2011) do shaothar ó scríbhneoir nár foilsíodh aon leabhar leis cheana.

Foilsíodh Asarlaíocht, Gorta agus Teamplóirí in 2013. Sa bhliain 2015, d’fhoilsigh Cois Life a chéad leabhar scéalta, Íbíotsa, a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin. Tá an saothar seo ar fáil mar leabhar cló, mar ríomhleabhar agus mar chlosleabhar.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Aistriúchán

Asarlaíocht, Gorta agus Teamplóirí (Cois Life, 2013)

Gearrscéalta

Íbíotsa (le foilsiú 2015)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála