ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Mícheál Ó Ruairc ag Cois Life
Tóraíocht Taisce
Mícheál Ó Ruairc


Mícheál Ó Ruairc
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Mícheál Ó Ruairc

File, gearrscéalaí agus úrscéalaí ó cheantar an Leitriúigh i gCiarraí. Rugadh sa leithinis ar a nglaotar Clochán-Bréanainn sa cheantar sin. Bhain céim B.A. amach in Ollscoil na hÉireann, Corcaigh agus M.A. sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann.

Tá mórán duaiseanna liteartha buaite aige i gcomórtais an Oireachtais ó 2003 ar aghaidh. Ina measc sin, bhain sé Duais an Mhaolánaigh sa bhliain 2006 leis an ngearrscéal ‘Daoine a Itheann Daoine’, sa bhliain 2008 le ‘An Briatharchath’ agus sa bhliain 2012 le ‘An Mála Droma’. Bhain sé príomhdhuais an Oireachtais 2009 ar chnuasach gearrscéalta le Daoine a Itheann Daoine (Cló Iar-Chonnacht, 2010). Bhain sé an phríomhdhuais agus buanthrófaí Chonradh na Gaeilge i gcomórtas filíochta Ráth an Dúin/Dún Laoghaire sa bhliain 2007 leis an dán Naomh Caoimhín agus na hÉin.

Údar téacsleabhar scoile é agus saineolaí ar an Ardteistiméireacht. D’fhoilsigh Cois Life leabhar leis Tóraíocht Taisce, úrscéal do dhéagóirí, i 2012, saothar a bhain Duais Oireachtais freisin an bhliain chéanna. Sa bhliain 2013 bhain an scéinséir Fianaise (LeabhairCOMHAR, 2013) duais Oireachtais agus an bhliain ina dhiaidh sin (2014) bhain an cnuasach filíochta dhátheangach Dambatheanga/Damlanguage (Arlen House, 2014) príomhdhuais an Oireachtais ar chnuasach filíochta.

Le breis agus scór bliain anuas tá sé tar éis a bheith ina stiúrthóir ar cheardlann scríbhneoireachta Gaeilgea reáchtáiltear in áiteanna éagsúla ar fud na tíre: Gaillimh; Corcaigh; Ciarraí agus Baile Átha Cliath. Is léirmheastóir agus criticeoir leabhar é fosta. Foilsíonn sé léirmheasanna ar Comhar, Feasta agus ar irisí éagsúla eile. Bíonn sé le cloisteáil go rialta ar RTÉ Raidió 1 agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá cónaí air i mBaile Átha Cliath le tamall fada de bhlianta. A shaol caite aige le múinteoireacht agus scríbhneoireacht. Is scríbhneoir lánaimseartha é ó 2009 i leith. Chaith sé ceithre bliana mar bhall de bhord stiúrtha Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus le linn an ama sin tháinig forbairt mhór ar phróifíl na litríochta Gaeilge san áit.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Daoine Óga

Tóraíocht Taisce (Cois Life, 2012)
Na lucha ag rince (Cló Iar-Chonnachta, 2009)
Róis i dTír na Sean (Coiscéim, 2005)
I bhfad ó bhaile (Coiscéim, 2004)
An bhfaca éinne agaibh Roy Keane? (Coiscéim, 2003)

Foghlaimeoirí

Fianaise (Leabhair Comhar, 2012)
Caisleán Ghriaire (Coiscéim, 2011)
An Saol i Sladbhaile: úrscéal grinn (Coiscéim, 2008)
Grá mo chroí, mo Vailintín! (Coiscéim, 2007)
Pónairí ar thósta: dialann mic léinn ollscoile, úrscéal don tríú leibhéal (Comhar Teoranta, 2007)
Míle Murdar! Úrscéal don fhoghlaimeoir fásta (Comhar Teoranta, 2005)
Bás i mBaile an Ghorta (Comhar Teoranta, 2003)
Trasna na dTonta: scéinséir. Úrscéal don fhoghlaimeoir fásta (Comhar Teoranta, 2001)

Filíocht

Dambateanga: Damlanguage (Arlen House, 2014)
Síoda ar shíoda: Rogha dánta ó 700-2000 (Coiscéim, 2008) [curtha in eagar i gcomhar le Clíodna Cussen]
Dán is céad ón Leitriúch (Coiscéim, 1998)
Fuil samhraidh (Coiscéim, 1987)
Loco i Lios na Caolbhaí (Coiscéim, 2001)

Oideachas

Get the points! Ardteistiméireacht Ghaeilge: Ardleibhéal (The Education Company of Ireland, 2010)
Fiúntas. Cúrsa iomlán le haghaidh na hArdteistiméireachta Gaeilge: Ardleibhéal (An Comhlacht Oideachais, 2010)
Fiúntas. Cúrsa iomlán le haghaidh na hArdteistiméireachta Gaeilge: Ardleibhéal – Leabhrán scrúdaithe (An Comhlacht Oideachais, 2010)
Revise your Irish: Gnáthleibhéal (An Comhlacht Oideachais, 1998)
EDCO Irish: Ardteistiméireacht Ardleibhéal (An Comhlacht Oideachais, 2006)
Aoibhneas Nua: An Teastas Sóisearach Gaeilge. Cluastuiscint: Gnáthleibhéal (An Comhlacht Oideachais, 2006)
Aoibhneas Nua: An Teastas Sóisearach Gaeilge. Cluastuiscint: Ardleibhéal (An Comhlacht Oideachais, 2006)
Fiúntas 2. Cúrsa próis, filíochta agus stair na Gaeilge don Ardteistiméireacht: Ardleibhéal (An Comhlacht Oideachais, 2004)
Aoibhneas: Cluastuiscint don chéad bhliain Gaeilge (An Comhlacht Oideachais, 2001)
Aoibhneas: An Teastas Sóisearach Gaeilge. Cluastuiscint: Gnáthleibhéal (An Comhlacht Oideachais, 2000)
Aoibhneas: An Teastas Sóisearach Gaeilge. Cluastuiscint: Ardleibhéal (An Comhlacht Oideachais, 2000)
Taisce. Cúrsa teanga don Teastas Sóisearach: Ardleibhéal (An Comhlacht Oideachais, 1998, 1996, 1993)
Fiúntas. Cúrsa teanga don Ardteistiméireacht Ghaeilge: Ardleibhéal (An Comhlacht Oideachais, 1999)
Binneas. Trialacha cluastuisceana don chúigiú agus don séú bliain: Ardleibhéal (An Comhlacht Oideachas, 1996)
Binneas. Trialacha cluastuisceana don chúigiú agus don séú bliain: Gnáthleibhéal (An Comhlacht Oideachais, 1996)
Taisce. Cúrsa teanga don Teastas Sóisearach: Gnáthleibhéal (An Comhlacht Oideachais, 1996, 1995, 1993, 1992)
Cíoradh. Filíocht agus Prós don Ardteist: Ardleibhéal (An Comhlacht Oideachais, 1995)
Cíoradh. Filíocht agus Prós don Ardteist: Gnáthleibhéal (An Comhlacht Oideachais, 1995)
Cluastuiscint. An Teastas Sóisearach Gaeilge: Ardleibhéal (An Comhlacht Oideachais, 1994)
Cluastuiscint. An Teastas Sóisearach Gaeilge: Gnáthleibhéal (An Comhlacht Oideachais, 1994)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála