ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
ÓNÁR mBLAG
  Olivia Golden - saothar maisithe léi le feiceáil in IMMA / Olivia Golden’s Illustrations exhibited in IMMA Léaráid le Olivia Golden as An Dragan Feasa Déanann Cois Life comhghairdeas le Olivia Golden a roghnaíodh i measc n...
  An Dragan Feasa - Rhiannon Watson le léaráidí le Olivia Golden (2011) Seo roinnt samplaí thíos de na léaráidí a rinne Olivia Golden don scéal iontach seo le Rhiannon Watson do leanaí 9-12 ...
Rhiannon Watson ag Cois Life
An Dragan Feasa
Rhiannon Watson
10.00 (bog) | Ceannaigh anois é | Eolas breise


Rhiannon Watson
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Rhiannon Watson

Rugadh Rhiannon Watson i 1977 i mBaile Átha Cliath mar a bhfuil sí féin ina cónaí lena ceathrar páistí. Tá siad á dtógáil trí Ghaeilge agus tá Rhiannon lán-ghníomhach i dtionscnaimh oideachais trí mheán na Gaeilge. Tá suim ar leith aici sna healaíona ó bhí sí an-óg, tráth a chaitheadh sí na huaireanta ag scríobh ficsin. D’fhreastail sí ar Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, agus bhain sí amach céim onóracha sa Ghaeilge agus sa Bhéaloideas araon. Bhí sí ina cisteoir ag an gCumann le Béaloideas Éireann agus tá Dioplóma sa Chleachtas Dátheangach gnóthaithe aici ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Agus í ag dul dá céim sa Ghaeilge bhíodh sí ag aisteoireacht agus ag scríobh don chumann drámaíochta i rith tréimhse a bhí an-rathúil dóibh nuair a d’éirigh leo aitheantas a bhaint amach mar chompántas sna comórtais náisiúnta drámaíochta. D’fhoilsigh Cois Life a céad leabhar An Dragan Feasa in 2011; scéal fantaisíochta é seo do dhaoine óga 9-12 bliain.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

An Dragan Feasa (Cois Life, 2011)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála