ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Liam Mac Amhlaigh ag Cois Life


Liam Mac Amhlaigh
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Liam Mac Amhlaigh

Is léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge i Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, agus céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide, é an Dr Liam Mac Amhlaigh. Tá suim thaighde aige i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge (go háirithe an nuafhilíocht, agus saothar Mhichael Davitt), i bhfoclóireacht na Nua-Ghaeilge agus stair theanga na Gaeilge san fhichiú haois. Rugadh i gCill Mhantáin agus tógadh i mBaile Átha Cliath é.

Tá ailt foilsithe aige ar fhilí comhaimseartha eile mar Mháire Mhac an tSaoi agus Máirtín Ó Direáin. I bpáirt leis an Dr Caoimhín Mac Giolla Léith, chuir sé eagar ar an gcnuasach aistí Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin (Cló Iar-Chonnacht, 2012). Foilsíodh a chéad úrscéal, Teach na gColúr (Comhar, 2006), a bhuaigh duais i nDuaiseanna Liteartha an Oireachtais an bhliain sin. Tá dochtúireacht leis á cóiriú don chló ar ábhar na foclóireachta Nua-Ghaeilge san fhichiú haois. Tiocfaidh sé seo sna sála ar a leabhar Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge (Cois Life, 2008). É ina chomheagarthóir bunaidh ar an ríomhiris phiarmheasta acadúil COMHARTaighde: www.comhartaighde.com agus ina eagarthóir ar an gcartlann phórtráidí digiteacha, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge (LeabhairCOMHAR, 2016): www.portraidi.ie.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Úrscéal

Teach na gColúr (Comhar, 2006)

Saothar Taighde

Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge (Cois Life, 2008)

Obair Eagarthóireachta

Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge (LeabhairCOMHAR, 2016)

Ilteangach, ilseiftiúil: féilscríbhinn in ómós do Nicholas Williams (Arden House, 2012)
Fill arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin (Cló Iar-Chonnacht, 2012)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála