ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
ÓNÁR mBLAG
  Bí ag faire amach don fhear fada caol dubh! Tuairimí ag Katie Ní Loingsigh ar mhargadh Shéanna Nochtann Katie Ní Loingsigh (Cúntóir eagarthóireachta taighde, Fiontar) a tuairimí ar scéal Shéanna, a foilsíodh ar dtús...
Caoilfhionn Nic Pháidín ag Cois Life
A New View of the Irish Language
Caoilfhionn Nic Pháidín, Seán Ó Cearnaigh
20.00 (bog) | Ceannaigh anois é | Eolas breise
Dinnseanchas na mBlascaodaí
Tomás Ó Criomhthain, Caoilfhionn Nic Pháidín
12.60 (bog) | Ceannaigh anois é | Eolas breise
Séanna
Caoilfhionn Nic Pháidín, Peadar Ua Laoghaire
Séanna
Peadar Ua Laoghaire, Caoilfhionn Nic Pháidín
13.90 (crua) | Ceannaigh anois é | Eolas breise
Séanna
Peadar Ua Laoghaire, Caoilfhionn Nic Pháidín
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Caoilfhionn Nic Pháidín
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Caoilfhionn Nic Pháidín

Saolaíodh i Sasana agus tógadh i mBaile Átha Cliath í, agus is céimí í de chuid UCD. Tá baint leanúnach aici le foilsitheoireacht na Gaeilge ina saol gairmiúil. Chaith sí tréimhse i mbun eagarthóireachta sa Ghúm; ina heagarthóir ar Comhar 1979–84; ar cholúin Ghaeilge The Irish Times 1984–87, agus ina heagarthóir taighde foclóireachta in Acadamh Ríoga na hÉireann go dtí 1999. Is údar agus eagarthóir í ar mhórán leabhar.

Bhí sí ina Stiúrthóir ar Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath 1999–2006. Bhí sí ina Léachtóir Sinsearach ann go dtí 2015 mar ar bhunaigh sí sraith tionscadal taighde i réimse na ndaonnachtaí digiteacha don Ghaeilge: focal.ie; logainm.ie; iate.europa.eu (na téarmaí Gaeilge), ainm.ie; gaois.ie agus duchas.ie.

Bhunaigh sí féin agus an Dr. Seán Ó Cearnaigh an comhlacht foilsitheoireachta Cois Life in 1996. Tá breis is céad tríocha teideal foilsithe ó shin acu, a bhformhór sna réimsí liteartha agus léinn – i bhformáidí cló, ríomhleabhar, agus closleabhar.

Bhí sí ina comhalta den dá Choimisiún Rialtais a phléigh le cúrsaí Gaeilge lenár linn: Coimisiún chun Ról na nEagras Deonach a Scrúdú (1996–7) agus Coimisiún na Gaeltachta (1999–2000). Bhí sí ina Comhalta Boird ar Fhoras na Gaeilge (2007–2011).

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Acadúil

Fáinne an Lae agus an Athbheochan: 1898-1900 (Cois Life, 1998)

Eagarthóireacht

A New View of the Irish Language (Cois Life, 2008)
Foclóir FIONTAR (Fiontar, DCU, 2004) [i gcomhar le Donla uí Bhraonáin]
University education in Irish: challenges and perspectives / Ollscolaíocht Ghaeilge: dúshláin agus léargais (Fiontar, DCU, 2004) [i gcomhar le Donla uí Bhraonáin]
An chaint sa tsráidbhaile le Breandán Ó hEithir (Comhar, 1991)
Cnuasach focal ó Uíbh Ráthach (Acadamh Ríoga na hÉireann, 1987)
Scéalta as Comhar (Comhar, 1982)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála