ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Anna Heussaff ag Cois Life
Bás Tobann
Anna Heussaff
15.00 (bog) | as cló | Eolas breise
Cúpla Focal
Anna Heussaff
12.00 (bog) | as cló | Eolas breise
Vortex
Anna Heussaff
8.00 (bog) | as cló | Eolas breise
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Anna Heussaff
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Anna Heussaff

Rugadh Anna Heussaff in 1957 agus tógadh le Gaeilge í i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil cónaí uirthi. Foilsíodh a tráchtas M.A. faoin teideal Filí agus Cléir san Ochtú hAois Déag (An Clóchomhar, 1992). Chaith sí trí bliana i Sasana ag obair le daoine gan dídean, agus fiche bliain sna meáin chumarsáide in Éirinn, mar thaighdeoir agus mar léiritheoir/stiúrthóir le raidió agus teilifís RTÉ go háirithe. Bíonn babhtaí oibre ar siúl aici mar aon leis an scríbhneoireacht: ina measc, dreasa teagaisc ar an tríú leibhéal agus le foghlaimeoirí fásta, chomh maith le ceardlanna scoile faoi scáth na scéime Scríbhneoirí sna Scoileanna, a reachtálann Éigse Éireann. Tá sí ina leaschathaoirleach ar an eagras feachtais chomhshaoil Cairde na Cruinne/Friends of the Earth Ireland. Bronnadh mórdhuais Chomórtais Liteartha an Oireachtais ar gach úrscéal díobh; agus sa bhliain 2013, thuill Hóng (Cló Iar-Chonnacht, 2012) Gradam Speisialta na Moltóirí ag ócáid Leabhair Pháistí Éireann, duaiseanna CBI, nó Gradaim Bisto mar a thugtaí orthu tráth.

Sa bhliain 2014, foilsíodh an chéad úrscéal Béarla léi, Deadly Intent (Severn House, Londain), faoina hainm cleite Anna Sweeney. Is leagan é dá húrscéal bleachtaireachta Buille Marfach. In 2015, d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht úrscéal nua bleachtaireachta Gaeilge léi, Scáil an Phríosúin, é suite i gceantar stairiúil Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath, agus na lárcharachtair chéanna ann is a bhí ina húrscéalta bleachtaireachta go dtí seo.

In 2010 agus 2011, d’fhoilsigh Futa Fata, i gcomhar le Dorling Kindersley, trí leabhar fhíriciúla do dhaoine óga a d’aistrigh sí ó Bhéarla: Seo í mo Scoil (DK & Futa Fata, 2010), Leabhar Mór na hEalaíne (DK & Futa Fata, 2010) agus Leabhar Mór an Cheoil (DK & Futa Fata, 2010). Sa bhliain 2015, ar an suíomh idirlín Leighleat.com a urraítear ag COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta), foilsíodh Leabhar na Mallachtaí, a haistriúchán ar The Book of Curses le Conor Kostick (O’Brien, 2007).

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Úrscéalta

Scáil an Phríosúin (Cló Iar-Chonnacht, 2015)
Hóng (Cló Iar-Chonnacht, 2012)
Buille Marfach (Cló Iar-Chonnacht, 2010)
Cúpla Focal (Cois Life, 2007)
Vortex (Cois Life, 2006)
Bás Tobann (Cois Life, 2004)
Deadly Intent (Severn House, 2015), faoin ainm cleite Anna Sweeney.

Saothar Acadúil

Filí agus Cléir san Ochtú hAois Déag (An Clóchomhar, 1992)

Aistriúcháin

Seo í mo Scoil (DK & Futa Fata, 2010)
Leabhar Mór na hEalaíne (DK & Futa Fata, 2010)
Leabhar Mór an Cheoil (DK & Futa Fata, 2011)
Leabhar na Mallachtaí (Léighleat.com & COGG, 2015)

Eile

‘The Irish for Multicultural’ sa chnuasach Who Needs Irish?, Ciarán Mac Murchaidh, eag. (Veritas, 2004)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála