ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
ÓNÁR mBLAG
  Duaiseanna Oireachtais / Oireachtas Prizes Bhain go leor dár gcuid údar duaiseanna liteartha amach ag Oireachtas 2016. Some of our successful authors from the Oir...
  Daideo abú! Daideo le hÁine Ní Ghlinn (Cois Life 2014)  Comhghairdeas linn! Agus le hÁine Ní Ghlinn go háirithe. Fógraíodh ag searmanas i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i Mob...
  Dhá shliocht as Sciorrann an tAm - Orna Ní Choileáin (Cois Life, 2014) Ar dtús, san fhíseán seo léann Orna sliocht as an scéal Cuairteoir óna cnuasach nua gearrscéalta Sciorrann an tAm (Cois ...
  Teidil Nua an Earraigh Seolta! New Spring 2014 Titles Published! Seoladh teidil an Earraigh ó COIS LIFE in The Library Project, 4 Barra an Teampaill, ag 6.30pm, Dé hAoine, 4 Aibreán, 20...
  ‘Sciorrann an tAm’ ar fáil anois! Gearrscéalta nua ó Orna Ní Choileáin.ISBN: 9781907494383Praghas: €9Is é seo an dara cnuasach gearrscéalta le hOrna Ní Ch...
  Orna Ní Choileáín & Cois Life ag Seachtain na Gaeilge Ailfí agus an VaimpírMar chuid de Seachtain na Gaeilge beidh Orna Ní Choileáin ag léamh as Canary Wharf (Cois Life 2009)...
Orna Ní Choileáin ag Cois Life
Ailfí agus an Vaimpír
Orna Ní Choileáin
8.00 (bog) | as cló | Eolas breise
Canary Wharf
Orna Ní Choileáin
15.00 (bog) | as cló | Eolas breise
Greim na Vaimpíre
Orna Ní Choileáin
I Measc Vaimpírí
Orna Ní Choileáin
Sciorrann an tAm
Orna Ní Choileáin
Vaimpír san Áiléar
Orna Ní Choileáin
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Orna Ní Choileáin
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Orna Ní Choileáin

Is as Iarthar Chorcaí do mhuintir Orna Ní Choileáin. Tá duaiseanna sa phrós cruthaitheach, san fhilíocht, sa drámaíocht agus sa ghearrscéalaíocht gnóthaithe aici ag an Oireachtas agus ag féilte Gaelacha eile. Scríobhann sí i mBéarla freisin agus bronnadh duais náisiúnta An Post uirthi. Tá mórshuim ag Orna sa cheol Gaelach freisin. Bhuaigh sí duaiseanna i gcomórtais ardáin an Oireachtais (Feis Mhaitiú agus an Fheis Cheoil) agus bronnadh ard-ghradam na mbuaiteoirí Máirtín Uí Dhiomsaigh uirthi. Tá Órghradam an Uachtaráin bainte amach aici chomh maith. Roghnaíodh í chun taispeántais a dhéanamh do Gaisce, Ghradam an Uachtaráin agus ag searmanais bhronnta idirnáisiúnta i gCeanada agus arís in Hong Kong ina dhiaidh sin, áit a raibh lucht éisteachta idirnáisiúnta aici, agus ceannairí ríoga ina measc, agus í i mbun cainte agus amhránaíochta. Is maith léi mianach na scéalaíochta sna hamhráin agus ba é sin a ghríosaigh chun pinn í.

Cé nach raibh an Ghaeilge ag an dá ghlúin a chuaigh roimpi, tá Orna iontach bródúil an deis a bheith aici an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá dhá chnuasach gearrscéalta léi foilsithe go dáta – Canary Wharf (2009) agus Sciorrann an tAm (2014). Bhí Sciorrann an tAm ar an ngearrliosta do Leabhar na Bliana, Gradam Uí Shúilleabháin in 2014. Foilsíodh an tríú húrscéal aici sa tsraith vaimpírí do dhaoine óga, I measc vaimpírí, in 2015. Leanann sé eachtraí nua Ailfí agus a chara Marius, ar cuireadh tús leo in Ailfí agus an Vaimpír (2012). Ainmníodh Ailfí agus an Vaimpír agus an chéad leabhar eile sa tsraith, Vaimpír san Áiléar (2013), le haghaidh Ghradam Réics Carló in 2012 agus 2013 faoi seach. Tá Orna i mbun oibre ar an leabhar deireanach sa tsraith sin faoi láthair, Greim na Vaimpíre, atá le foilsiú in 2017.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Leabhair do Dhaoine Óga

I measc vaimpírí (Cois Life, 2015)
Vaimpír san Áiléar (Cois Life, 2013)
Ailfí agus an Vaimpír (Cois Life, 2012)

Gearrscéalta

Canary Wharf (Cois Life, 2009)
Sciorrann an tAm (Cois Life, 2014)

Le teacht

Greim na vaimpíre (le foilsiú 2017)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála