ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
ÓNÁR mBLAG
  Teidil Nua an Earraigh Seolta! New Spring 2014 Titles Published! Seoladh teidil an Earraigh ó COIS LIFE in The Library Project, 4 Barra an Teampaill, ag 6.30pm, Dé hAoine, 4 Aibreán, 20...
Breandán Delap ag Cois Life
Ar an Taifead - fís, fuaim, focal
Breandán Delap
20.00 (crua) | as cló | Eolas breise
Scéal Scéil
Breandán Delap
15.00 (bog) | Ceannaigh anois é | Eolas breise
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Breandán Delap
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Breandán Delap

Rugadh Breandán Delap i nGaoth Dobhair in 1965. Fuair sé céim san Oideachas ó Choláiste Mhuire na Trócaire, Carysfort, agus Máistreacht sa Ghaeilge ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Má Nuad. Is Clár-Eagarthóir é le Nuacht TG4 / RTÉ agus is léirmheastóir drámaíochta freisin é ag The Irish Times in Iarthar na hÉireann. Tá sé ag cur faoi sa Spidéal.

Bhí Breandán ina chéad eagarthóir ar Foinse ó 1996 go 2003. Bronnadh Gradam ‘Iriseoir na Bliana’ air faoi bhrat Dhuaiseanna Náisiúnta na Meán ESB in 2003 de bharr iniúchadh a rinne sé ar ionsaithe gnéis i gcoláistí samhraidh thar tréimhse dhá scór bliain. Bronnadh Gradam IFTA air don chlár faisnéise, Mad Dog Coll, in 2000 agus bhuaigh sé an phríomhdhuais don iriseoireacht chlóite ag Oireachtas 1998, agus arís ag Oireachtas 2010. D’ainmnigh Comhairle na hEorpa é ina shaineolaí in 2011 chun cuidiú le togra cumarsáide i dteangacha mionlaigh i gCónaidhm na Rúise.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Beathaisnéis

Mad Dog Coll: an Irish gangster (Mercier, 1997)

Taighde

Ar an Taifead (Cois Life, 2007 agus athfhoilsithe in 2011)
Úrscéalta stairiúla na Gaeilge (An Clóchomhar, 1993)

Eagarthóireacht

Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meán (Cois Life, 2014)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála