ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Mícheál de Barra ag Cois Life
An Bóthar go Santiago
Mícheál de Barra
18.00 (bog) | Ceannaigh anois é | Eolas breise


Mícheál de Barra
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Mícheál de Barra

Rugadh agus tógadh Mícheál de Barra ar imeall na Boirne – a chlúid spioradálta – gar do Chill Fhionnúrach i gCo. an Chláir. Fuair sé a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí agus oileadh é mar mhúinteoir bunscoile i gColáiste Mhuire, Marino. Tá céim sa Ghaeilge agus sa Spáinnis aige ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath agus bhain sé Máistreacht san Oideachas amach i gColáiste na Tríonóide. Chaith sé tréimhsí ina mhúinteoir bunscoile agus meánscoile in Éirinn agus san Airgintín. Scaití eile tugtha aige mar chomhairleoir treorach agus mar leas-phríomhoide meánscoile.

Is é An bóthar go Santiago (Cois Life, 2007) a chéad leabhar foilsithe. Cín lae oilithrigh atá ann a rianaíonn a thuras pearsanta ar an gconair cháiliúil seo, agus saothar a ghnóthaigh Gradam Glen Dimplex 2007 i rannóg na Gaeilge. Foilsíodh an dara leabhar dá chuid, Gaeil i dTír na nGauchos (Coiscéim, 2009); leabhar faoi na Gaeil a chuaigh ar imirce go dtí an Airgintín sa bhliain 2009. I mí na Samhna, 2012; sheol an tUasal Bruce Davis, Ambasadóir na hAstráile, Gaeil faoi bhratach Eureka (Coiscéim, 2012) in Ambasáid na hAstráile i mBaile Átha Cliath. Ríomhtar scéal an Eureka Stockade sa leabhar nua seo – ceann de na heachtraí ba chinniúnaí i stair na hAstráile. Tá Mícheál ina chónaí i gCo. Chill Dara lena bhean chéile, Siobhán, faoi láthair.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Prós

Gaeil faoi bhratach Eureka (Coiscéim, 2012)
Gaeil i dTír na nGauchos (Coiscéim, 2009)
An bóthar go Santiago (Cois Life, 2007)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála