ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Aoife Valley ag Cois Life
Teach an Oighir
Aoife Valley
10.00 (bog) | Ceannaigh anois é | Eolas breise


Aoife Valley
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Aoife Valley

Rugadh Aoife Valley i dTuaisceart Éireann in 1976. Tógadh í idir na tailte portaigh cois Loch nEathach i dTír Eoghain agus limistéar uirbeach Craigavon in Ard Mhacha. Rinne sí staidéar ar na Mínealaíona i Sasana agus i mBaile Átha Cliath agus chaith sí roinnt blianta ag obair i mbun na n-ealaíon pobail.

Tá Aoife Valley lonnaithe i gCo Dhún na nGall ó 2001. Chuaigh sí ag taisteal timpeall an domhain in 2004 agus chaith tamaill i Meiriceá Theas, san Astráil agus san Áis. Scríobh sí Teach an Oighir (Cois Life, 2009), a céad scéal do dhaoine óga, í sa Téalainn. Sa tír sin, spreagadh spéis sa mhachnamh inti agus chuir sí lena cleachtadh machnaimh le blianta beaga ina dhiaidh sin.

Tá ionad aici i nDún na nGall, Wee Owl Soul Care, áit a múineann sí machnamh meabhrach. Mhúin sí macnamh do na mílte daoine agus leanann sí uirthi ag múineadh, ag scríobh, ag tarraingt agus ag blagáil. Beachadóir agus garraíodóir orgánach is ea í agus tá sé i gceist aici Tearmann Wee Owl a bhunú chomh maith le ionad nádúir is macnaimh.

Tuilleadh eolais ar fáil ag www.innerhaven.ie agus www.aoifev.com.

Nuashonraithe Bealtaine 2016

Teach an Oighir (Cois Life, 2009)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála