ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
ÓNÁR mBLAG
  Léitheoireacht an tSamhraidh! - Summer Reading! Léitheoireacht an tSamhraidh - Cois Life cois trá!Agus séasúr an tSamhraidh tosaithe i gceart anois, tá sé tráthúil féa...
  An Chéad Úrscéal Gaeilge i bhFoirm Ríomhleabhair? - The First Irish Novel Published as an eBook? Tá an chead cheithre ríomhleabhar díreach foilsithe ag Cois Life agus beidh siad á ndáileadh trí ghréasáin éagsúla díol...
  Dermot Somers - Rince ar na Ballaí (2002) Rince ar na Ballaí, foilsithe ag Cois Life, 2002.Téacs © Dermot Somers, grianghraif san fhíseán seo © Robbie Fenlon, Joh...
Dermot Somers ag Cois Life
Buaic
Dermot Somers
12.00 (bog) | Ceannaigh anois é | Eolas breise
Rince ar na Ballaí
Dermot Somers
25.00 (bog) | Ceannaigh anois é | Eolas breise
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Dermot Somers
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Dermot Somers

Le dhá scór bliain tá Dermot Somers ag taisteal agus ag sléibhteoireacht ar fud an domhain, ó na hAlpa agus na hAindéis go dtí na Himiléithe. Bhí sé ina bhall de gheábhanna sléibhe go Changtse, an Tibéid in 1987; go Manaslu, Neipeal in 1991; agus go Sliabh Everest, an Tibéid in 1993. Tá trí leabhar gearrscéalta foilsithe aige: Mountains and Other Ghosts (Diadem Books, 1990); At the Rising of the Moon (Baton Wicks, 1994); agus an ceann is déanaí, Collected Short Stories (Baton Wicks, 2004). Foilsíodh Endurance (O’Brien Press, 2005) mar leabhar staire agus miotaseolaíochta a thug cuntais ar thurais cháiliúla in Éirinn. Bhuaigh At the Rising of the Moon (Baton Wicks, 1994) Duais Boardman Tasker don litríocht sléibhe agus bronnadh Duais Oireachtais ar a shaothar, Rince ar na Ballaí (Cois Life, 2002). Bhain a úrscéal Buaic (Cois Life, 2006) gradam de chuid an Reading Association of Ireland. Ghnóthaigh Ar Muis is ar sliabh (Cois Life)duais Oireachtais chomh maith.

Tá trí shraith teilifíse déanta aige do TG4 agus RTÉ i gcomhar le Crossing the Lines Films: Cuairt na Cruinne (Best Documentary Award, Celtic Film & TV Festival do chlár an Eiger), An Bealach ó Dheas agus Turas Feasa. Tá sraith clár taistil darb ainm Turais i mBaol déanta ag Dermot agus CTL Films le tréadaithe freisin. Is iad cláir na sraithe: An tSibéir (2001); An Sahára (2002); An Iaráin (2004); agus Trasna na Himiléithe, Dolpo, Neipeal (2008). Bhí sé bainteach le taifeadadh sraitheanna taistil agus staire san Astráil chomh maith, Craiceann Geal: Croí Marbh, agus san Artach, Franklin: Tásc agus Tuairisc.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Úrscéalta

Ar muir is ar sliabh (Cois Life, 2010)
Buaic (Cois Life, 2006)

Gearrscéalta

Endurance (O’Brien Press, 2005)
Collected Short Stories (Baton Wicks, 2004)
At the Rising of the Moon (Baton Wicks, 1994)
Mountains and Other Ghosts (Diadem Books,1990)

Eile

Rince ar na ballaí (Cois Life, 2002)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála