ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Lorcán S. Ó Treasaigh ag Cois Life
Céard é English?
Lorcán S. Ó Treasaigh
12.00 (bog) | as cló | Eolas breise
Cnoc na Lobhar
Lorcán S. Ó Treasaigh
16.00 (bog) | Ceannaigh anois é | Eolas breise
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Lorcán S. Ó Treasaigh
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Lorcán S. Ó Treasaigh

Rugadh Lorcán S. Ó Treasaigh i Marino, Baile Átha Cliath i 1957. D’fhreastail sé ar Choláiste Eoin i Stigh Lorgan, ar Choláiste Phádraig, Maigh Nuad (B.A. sa Ghaeilge agus sa tSocheolaíocht) agus ar Choláiste na Tríonóide (Ard-Teastas san Oideachas). Áiríonn sé dhá scríbhneoir go háirithe a ndeachaigh a saothar i bhfeidhm air: Seosamh Mac Grianna agus Seán Ó Ríordáin. Chaith Lorcán tréimhse sa Bhreatain Bhig sna 1970í.

I 1982 bhuaigh sé duais £1,000 Guinness-Comhar ar a ghearrscéal Searcscéal Sceadach. Nuair a foilsíodh a chéad úrscéal Sracfhéachaint (Coiscéim, 1986) phléigh Aisling Ní Dhonnchadha é in agallamh leis in Comhar Nollaig 1987. Tá sé ag saothrú an phróis chruthaithigh ó shin. Bhuaigh An Dealbhadóir sa Ghairdín (Coiscéim, 1991), duais Oireachtais i 1990. Bhí Michael Davitt ina eagarthóir liteartha ar leabhar eile le Lorcán - Comaitéir (Coiscéim, 1995). Roghnaíodh Céard é English? (2002) mar théacs ollscoile ar chúrsa Nua-Ghaeilge i gColáiste Phádraig, Má Nuad agus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach.

Is é an saothar is déanaí leis ná an t-úrscéal Cnoc na Lobhar (Cois Life, 2007).

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Úrscéalta

Cnoc na Lobhar (Cois Life, 2007)
Bás san Oirthear (Comhar Teoranta, 1992)
An Dealbhadóir sa Ghairdín (Coiscéim, 1991)
Sracfhéachaint: Úrscéal Gairid (Coiscéim, 1986)

Eile

Céard é English? (Cois Life, 2002) - Ficsean dírbheathaisneisiúil

Filíocht

Comaitéar (Coiscéim, 1995)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála