ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Gréagóir Ó Dúill ag Cois Life
Rogha Dánta: 1965-2001
Gréagóir Ó Dúill
15.00 (bog) | Ceannaigh anois é | Eolas breise


Gréagóir Ó Dúill
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Gréagóir Ó Dúill

Rugadh Gréagóir Ó Dúill i mBaile Átha Cliath in 1946. Taistealaí tráchtála as an ardchathair ba ea a athair agus státseirbhíseach ba ea a mháthair. Bhíodh dánta leo i gcló ar irisí i mBaile Átha Cliath ó na 1930idí go dtí na 1950idí. Chuaigh sé chun cónaithe ar an gCionn Bhán i gContae Aontroma in aois a cúig bliana agus ansin d’fhreastail sé ar Choláiste Mhaolmhaodhóg, Béal Feirste, áit a ndeachaigh Muiris Ó Droighneáin agus an tAth. Joe Conway i gcion air. Fuair sé céim B.A. sa Stair ina dhiaidh sin ó Ollscoil na Ríona, Béal Feirste in 1968. Sa bhliain sin a phós sé a bhean chéile, Cáit Ní Mhuirígh; múinteoir teangacha. Ó 1971 go dtí 1975, bhí sé ag staidéar go páirtaimseartha i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus bhain sé cáilíocht cartlannaíochta agus M.A. sa Stair amach sa tréimhse sin. Scríobh sé tráchtas dochtúireachta ar Sir Samuel Ferguson do Choláiste Phádraig, Maigh Nuad in 1989. Bhí tionchar nach beag ag Barbara Hayley, an tOllamh le Béarla, air agus é i Maigh Nuad. Ar na poist a bhí aige tá: múinteoir Béarla agus Staire; cartlannaí in Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn; oifigeach riaracháin le Bord na Gaeilge; oifigeach riaracháin sa Roinn Airgeadais; riarthóir le Bord na Gaeilge.

D’éirigh sé as an státseirbhís in 1991 agus tá sé ina scríbhneoir lánaimseartha ó shin. Mhúineadh sé scríobh na filíochta ar an gcúrsa M.A. i dTeach na hÉigse, an Fál Carrach, agus ceapadh ina stiúrthóir cúnta ar an gcoláiste sin é in 2001. Tá tréimhsí caite aige ina léachtóir le litríocht chomhaimseartha na Gaeilge in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, agus in Ollscoil Uladh freisin. Tá cónaí air anois idir Raghnallach agus an Ardaigh Bheag, Gort an Choirce i dTír Chonaill.

Tá Gréagóir ar na filí Gaeilge is bisiúla dá bhfuil ag scríobh as Gaeilge. Tá ocht gcnuasach Gaeilge agus dhá chnuasach Béarla dá bhundánta curtha ar fáil aige go dtí seo. An machnamh agus an t-amhras, b’fhéidir, an dá thréith atá le sonrú ar a shaothar filíochta trí chéile. Bhain Dán Nollag faoin Samhradh (Coiscéim, 2010) duais Oireachtais mar chnuasach agus bronnadh Duais Cholmcille ar don dán, Boeing 737, ag Féile Filíochta Bhéal Átha na mBuillí, 2013.

Brúigh anseo le tuilleadh eolais a fháil faoi Rogha Dánta: 1965-2001 (Cois Life, 2001).

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Filíocht

Balla an chuain: Dánta (Coiscéim, 2014)
Outward and return (Doghouse, 2012)
Annála (Leabhair Comhar, 2011)
Dán Nollaig faoin Samhradh (Coiscéim, 2010)
Rogha Dánta : 1965-2001 (Cois Life Teoranta, 2001)
An Fhuinneog Thuaidh (Coiscéim, 2000)
GarbhAchadh (Coiscéim, 1996)
Saothrú an Ghoirt (Coiscéim, 1994)
Crannóg agus Carn (Coiscéim, 1991)
Blaoscoileán (Coiscéim, 1988)
Dubhthrian (Coiscéim, 1985)
Cliseadh : dánta (Coiscéim, 1982)
Innilt Bhóthair : dánta, 1966-76 (Coiscéim, 1981)

Eile

Eagarthóir, Fearann Pinn : filíocht 1900-1999 (Coiscéim, 2000)
Mar atá: scéalta (Coiscéim, 1996)
Samuel Ferguson: beatha agus saothar (An Clóchomhar, 1993)
Eagarthóir, Filíocht Uladh, 1960-1985 (Coiscéim, 1986)

Aistrúchán

Gone to Earth (Black Mountain Press, 2005)[Aistriúcháin Bhéarla ag Bernie Kenny]
Poulnabrone (Féinfhoilsithe ag Bernie Kenny, 2002)[Aistriúcháin Bhéarla ag Bernie Kenny]
Traverse (Lapwing, 1998)[Aistrithe aige féin ó na bundánta Gaeilge]
Authors and Artists, Introduction Series 4 (Windows Publications, 1997)[Aistriúcháin Bhéarla leis féin ar naoi ndán]
Jean-Yves Masson (eag.), Anthologie de la poésie Irlandaise du XXe siècle (Verdier, 1996)
Watching the River Flow (Poetry Ireland, 1999)[Duffy, N. agus Dorgan, T. a chur in eagar]

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála