ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
ÓNÁR mBLAG
  Cogar i gcluais don scríbhneoir úr le hÁine Ní Ghlinn/ Tricks of the trade with Áine Ní Ghlinn  Comhrá le hÁine Ní Ghlinn faoina modh scríbhneoireachta tar éis di Gradam Réics Carló a ghnóthú don dara uair as a ché...
  Gradam Réics Carló ag Hata zú Mhamó  Ag ócáid i gCill Áirne bronnadh Gradam Réics Carló ar Hata zú Mhamó, an dara leabhar le hÁine Ní Ghlinn a bhain an dua...
  Hata Zú Mhamó agus Lá leis na Lochlannaigh ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló Tá Cois Life an-bhródúil go bhfuil dhá leabhar linne, Hata zú Mhamó le hÁine Ní Ghlinn, agus Lá leis na Lochlannaigh le ...
  Ó bhó, a Mhamó! / Goodness gracious, Granny! An tseachtain seo chaite bhíomar ag caint le húdar nua, Máire Zepf. An tseachtain seo, chuireamar fáilte roimh Áine Ní G...
  ‘Daideo’ winner of Literacy Association of Ireland Children’s Book Award / Gradam Leabhar Leanaí Chumann Litearthachta na hÉireann do ‘Daideo’  Comhghairdeas ó chroí le hÁine Ní Ghlinn as Gradam Leabhar Leanaí Chumann Litearthachta na hÉireann 2015 a fháil dá le...
  Comhghairdeas le hÁine Ní Ghlinn!  ISBN:978-1-907494-42-0 Praghas: €6 Comhghairdeas le hÁine a bhuaigh duais CBI le haghaidh ficsin dá leabhar Daideo ...
  Daideo abú! Daideo le hÁine Ní Ghlinn (Cois Life 2014)  Comhghairdeas linn! Agus le hÁine Ní Ghlinn go háirithe. Fógraíodh ag searmanas i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i Mob...
  Closleabhar saor in aisce - Daideo le hÁine Ní Ghlinn / Free Audiobook - Daideo by Áine Ní Ghlinn Gearrthóg ón gclosleabhar anseoForbairt stairiúil eile ó COIS LIFE - an chéad chlosleabhar Gaeilge á thairiscint saor in...
  Teidil Nua an Earraigh Seolta! New Spring 2014 Titles Published! Seoladh teidil an Earraigh ó COIS LIFE in The Library Project, 4 Barra an Teampaill, ag 6.30pm, Dé hAoine, 4 Aibreán, 20...
  DAIDEO – leabhar nua do dhéagóirí le hÁine Ní Ghlinn - Físeán Is é seo an cúigiú húrscéal do dhaoine óga le húdar aitheanta Áine Ní Ghlinn atá foilsithe ag Cois Life.Léachtóir, irise...
Áine Ní Ghlinn ag Cois Life
Cuairteoir
Áine Ní Ghlinn
10.00 (bog) | as cló | Eolas breise
Daideo
Áine Ní Ghlinn
Fuadach
Áine Ní Ghlinn
Madra Meabhrach
Áine Ní Ghlinn
Tromluí
Áine Ní Ghlinn
10.00 (bog) | Ceannaigh anois é | Eolas breise
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Áine Ní Ghlinn
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Áine Ní Ghlinn

Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine Ní Ghlinn. Tá céim B.A. (Gaeilge & Béarla) agus A.T.O. aici ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; Dioplóma san Iriseoireacht ó Choláiste Iriseoireachta, Londain agus M.A. sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach ó Ollscoil Lancaster.

Tá dhá leabhar is fiche scríofa aici – ceithre chnuasach filíochta agus ocht leabhar déag do dhéagóirí agus do léitheoirí óga.

Chaith sí roinnt blianta mar mhúinteoir meánscoile ach d’éirigh sí as le bheith ina hiriseoir le RTÉ agus Raidió na Gaeltachta. D’oibrigh sí ar chláir chúrsaí reatha agus irischláir ach ba iad an dá chlár ba mhó ar bhain sí sult astu ná na cláir ealaíne, Leabhragán agus Ar an Ardán ar Raidió na Gaeltachta. Chaith sí seal freisin ag plé le saor-iriseoireacht i Londain agus in Éirinn agus chloistí a guth go minic ar It Says in the Papers ar RTÉ Radio agus Raidió na Gaeltachta.

D’fhág sí Raidió na Gaeltachta le cúpla bliain a chaitheamh ag léachtóireacht in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Theastaigh uaithi níos mó ama a chaitheamh ag scríobh, áfach, agus thosaigh sí ag obair go lánaimseartha ar leabhair do pháistí agus ar scripteanna do Ros na Rún, TG4.

Roinneann sí a cuid ama idir scríbhneoireacht, léachtóireacht i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann i mBaile Átha Cliath agus ceardlanna scríbhneoireachta i ngaelscoileanna faoi láthair.

Tá go leor gradaim buaite aici dá saothar. Bhuaigh an leabhar, Céard ‘tá sa Bhosca? (An Gúm, 2002) Gradam Chlann Lir sa bhliain 2003. Bhuaigh sí Duais na Gaeilge ag féile filíochta Bhaile na mBuillí, sa bhliain 2003; Duais na Gaeilge ag Comórtas Filíochta Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin in 2003; chomh maith le Gradam Fhoras na Gaeilge ag Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail in 2002. Bronnadh duais Oireachtais (2005) uirthi don leabhar, Fuadach (Cois Life, 2005) agus bronnadh duaiseanna Oireachtais (2009) eile uirthi do na leabhair, Tromluí (Cois Life, 2009) agus Úbalonga (An Gúm, 2009). Ainmníodh Brionglóidí & Aistir Eile (Cló Mhaigh Eo, 2008) ar ghearrliosta Bisto 2009 agus bronnadh gradam IBBY uirthi dó in 2010. In 2012 bhuaigh sí duais Oireachtais le haghaidh dráma do pháistí agus bronnadh duais Oireachtais eile (2013) ar a saothar is déanaí freisin, Daideo (Cois Life, 2014), úrscéal do dhéagóirí óga. Bhuaigh an leabhar céanna Gradam Réics Carló, Leabhar na Bliana, 2014.Bhain Hata Zú Mhamó amach áit ar ghearrliosta Gradam Reics Carló, Leabhar na Bliana 2016.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Filíocht

Tostanna (Coiscéim, 2006)
Deora Nár Caoineadh/ Unshed Tears (Dedalus/Coiscéim, 1996)
An Chéim Bhriste(Coiscéim, 1984)
Gairdín Pharthais (Coiscéim, 1988)

Daoine Óga

Daideo (Cois Life, 2014)
Thar an Trasnán (O’Brien Press, 2011)
Bronntanais agus Féiríní (Cló Mhaigh Eo, 2010)
Úbalonga (An Gúm, 2009)
Tromluí (Cois Life, 2009)
Brionglóidí agus Aistir Eile (Cló Mhaigh Eo, 2008)
Madra Meabhrach (Cois Life, 2007)
Éasca Péasca (O’Brien Press, 2007)
An Múinteoir Nua (Séideán Sí, 2007)
Fuadach (Cois Life, 2005)
Lámhainní Glasa (O’Brien Press, 2004)
Cuairteoir (Cois Life, 2004)
Glantachán Earraigh (An Gúm 2003)
Moncaí Dána (O’Brien Press, 2002)
Céard tá sa Bhosca? (An Gúm 2002)
Daifní Dineasár (O’Brien Press, 2001)
An Leaba Sciathánach (An Gúm, 2001)
Daoine agus Déithe (An Gúm, 1996)
Mná as an nGnáth (An Gúm, 1990)

Obair Eagarthóireachta

Duanaire na Camóige: dánta le daltaí ó Rang 4,5,6, Gaelscoil na Camóige (Coiscéim, 2006)
Duanaire Naithí: dánta le daltaí ó Rang 4,5,6, Scoil Naithí (Coiscéim, 2005)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála