ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Ciarán Mac Murchaidh ag Cois Life
Cruinnscríobh na Gaeilge
Ciarán Mac Murchaidh
20.00 (bog) | Ceannaigh anois é | Eolas breise
Cruinnscríobh na Gaeilge (eagrán 2006)
Ciarán Mac Murchaidh
20.00 (leabhar agus CD) | as cló | Eolas breise
Cruinnscríobh na Gaeilge (eagrán 2012)
Ciarán Mac Murchaidh
20.00 (leabhar agus CD) | as cló | Eolas breise
Cruinnscríobh na Gaeilge (eagrán 2013)
Ciarán Mac Murchaidh
20.00 (leabhar agus CD) | as cló | Eolas breise
Filíocht Ghrá na Gaeilge/Love Poems in Irish
Ciarán Mac Murchaidh
30.00 (crua) | as cló | Eolas breise
Lón Anama
Ciarán Mac Murchaidh
18.00 (bog) | Ceannaigh anois é | Eolas breise
Lón Anama
Ciarán Mac Murchaidh
20.00 (crua) | as cló | Eolas breise
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Ciarán Mac Murchaidh
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Ciarán Mac Murchaidh

Rugadh Ciarán Mac Murchaidh i gCo. Fhear Manach agus fuair sé a chuid scolaíochta ar Bhunscoil Mhullaigh na Sceach agus ar Choláiste Mhichíl, Inis Ceithleann. Is i Maigh Nuad a chuaigh sé ar an ollscoil agus d’fhreastail sé ar Ollscoil na hÉireann agus ar an Ollscoil Phápúil araon. Ghnóthaigh sé céim onóracha sa Léann Ceilteach sa bhliain 1986 agus bronnadh MA sa Nua-Ghaeilge air in 1987. Ina dhiaidh sin ghnóthaigh sé céim onóracha sa Diagacht (BD) sa bhliain 1990, Dioplóma sa Léann Tréadach in 1991, agus an tArd-Teastas san Oideachas in 1993. Bronnadh PhD air in 2004 ar thráchtas faoi sheanmóirí an Dr Séamas Ó Gallchóir, a bhí ina easpag ar Ráth Bhoth agus, ina dhiaidh sin, ar Chill Dara & Leithghlinn. D’oibrigh sé in Ollscoil Mhá Nuad mar theagascóir agus mar léachtóir páirtaimseartha idir na blianta 1986 agus 1998. Mhúin sé Gaeilge, Béarla, Gearmáinis agus Reiligiún i gColáiste Chilliain, Cluain Dolcáin ar feadh tréimhse chomh maith. Bhí sé ina léachtóir ar fhoireann Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach ón mbliain 1998 go dtí an bhliain 2010, tráth ar ceapadh ina Dhéan Taighde agus Léinn Dhaonna é. D’fhág sé Coláiste Phádraig sa bhliain 2013 nuair a ceapadh ina Cheann Scoile ar Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath é. Nuair a tugadh Fiontar agus Roinn na Gaeilge le chéile i Scoil nua – Fiontar & Scoil na Gaeilge - mar chuid den phróiseas ionchorpraithe i rith shamhradh 2016, ceapadh Mac Murchaidh ina Cheann Scoile uirthi.

Is sa litríocht chráifeach agus i staid na teanga san 18ú hAois is mó atá a chuid suime ach tá spéis aige i ngramadach na Gaeilge agus i múineadh na teanga fosta. Tá aistí agus léirmheasanna leis le fáil i réimse irisí acadúla. Tá roinnt clár faoi chúrsaí litríochta agus chúrsaí Gaeilge i gcoitinne taifeadta aige le RTÉ, BBC Uladh, Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life. Sa bhliain 2012, foilsíodh Irish and English: essays on the Irish linguistic and cultural frontier, 1600-1900 (Four Courts Press). Pléitear gnéithe den chaidreamh idir an Ghaeilge agus an Béarla in Éirinn le linn na tréimhse idir 1600 agus 1900 sa chnuasach aistí sin. Is é a chomhghleacaí, an tOllamh James Kelly (Scoil na Staire & na Tíreolaíochta, DCU) a bhí ina chomheagarthóir leis ar an leabhar.

Ainmníodh a shaothar, Lón Anama (Cois Life, 2005), ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin/Leabhar Gaeilge na Bliana in 2006 agus bhain sé an gradam sin amach sa bhliain 2009 ar Filíocht Ghrá na Gaeilge (Cois Life, 2008). Tá sé ina Rúnaí ar Choiste Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na gCultúr Ceilteach in Acadamh Ríoga na hÉireann. Is saothar ardráchairte é Cruinnscríobh na Gaeilge agus foilsíodh an séú heagrán in 2016.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Gramadach

Cruinnscríobh na Gaeilge (Cois Life, 2002; an séú heagrán Cois Life, 2016)

Filíocht

Filíocht ghrá na Gaeilge/Love poems in Irish (Cois Life, 2008)
Lón Anama: poems for prayer from the Irish tradition (Cois Life, 2005)

Saothair Acadúla

Hearing Heaney: the sixth Seamus Heaney lectures (Four Courts Press, 2015), i gcomhar le Eugene McNulty.
Irish and English: Essays on the Irish linguistic and cultural frontier 1600-1900 (Four Courts Press, 2012) [i gcomhar le James Kelly]
‘Who needs Irish?’: reflections on the importance of the Irish language today (Veritas, 2004)
Teanga, pobal agus réigiún: Aistí ar chultúr na Gaeltachta inniu (Coiscéim, 2000)[i gcomhar le Liam Mac Mathúna agus Máirín Nic Eoin.]

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála