ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Juanita Browne ag Cois Life


Juanita Browne
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Juanita Browne

Tá céim ag Juanita Browne san Eolaíocht agus tá M.A. aici i Staidéar ar na Meáin. Tá sí ag obair in earnáil na cumarsáide ar feadh na mblianta ag plé le leabhair, irisí, nuachtáin, agus le cláir raidió agus teilifíse. Oibríonn sí le Crossing the Line Productions, a dhéanann cláir fhaisnéise teilifíse maidir le stair an dúlra, mar shampla On a River in Ireland (leagan níos faide den chlár Secret Life of the Shannon), a bhuaigh an duais is mó ag an Jackson Hole Wildlife Film Festival 2013. D’oibrigh Juanita le RTÉ mar léiritheoir ar dhá shraith fhaisnéise raidió dar teideal Nature on One.

Tá roinnt leabhair foilsithe ag Juanita go dtí seo: Ireland’s Mammals (Browne Books, 2005), Kildare’s Natural Heritage (2008), Put the Kettle On – the Irish love affair with tea (Collins Press, 2013); agus My First Book of Irish Animals (Browne Books, 2014). Bhí My First Book of Irish Animals ar ghearrliosta The Literary Association of Irealnd Children’s Book award 2015.

Ina theannta sin, oibríonn sí mar eagarthóir ar Biodiversity Ireland, iris a bhaineann leis an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Ireland’s Mammals (Browne Books, 2005)
Kildare’s Natural Heritage (Browne Books, 2008)
Put the Kettle On – the Irish love affair with tea (Collins Press, 2013)
My First Book of Irish Animals (Browne Books, 2014)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála