ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Dónall Mac Giolla Easpaig ag Cois Life
Logainmneacha na hÉireann
Dónall Mac Giolla Easpaig


Dónall Mac Giolla Easpaig
Nóta beathaisnéise
Dónall Mac Giolla Easpaig

Rugadh Dónall Mac Giolla Easpaig sa tSrúibh in Inis Eoghain, Contae Dhún na nGall, sa bhliain 1948. Mairnéalaigh agus máistrí loinge a bhí i muintir a athar sa taobh sin tíre ag dul siar na glúnta. Fuair sé a bhunscolaíocht ansin agus, ar feadh dhá bhliain, ar an Bhun Bheag i nGaoth Dobhair, áit dúchais a mháthar. Bhog an teaghlach go Doire nuair a bhí sé trí bliana déag d’aois agus is i gColáiste Cholmcille sa chathair a fuair sé a mheánscolaíocht. Bhain sé céim BA amach sa Léann Ceilteach i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1970 agus céim MA sa tSean- agus sa Mheán-Ghaeilge cúpla bliain ina dhiaidh. Sa bliain 1972 fuair sé post mar Oifigeach Logainmneacha sa Bhrainse Logainmneacha i Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann agus is leis an Bhrainse a chaith sé a shaol oibre go ndeachaigh sé ar scor in 2013. Bhí sé ina Phríomhoifigeach Logainmneacha ó 1998 ar aghaidh agus bhí sé ina Rúnaí ar an Choimisiún Logainmneacha le linn na tréimhse sin. Bhí sé ina bhall de Ghrúpa Saineolaithe na Náisiún Aontaithe ar Ainmneacha Geografacha (UNGEGN) ó 1998 ar aghaidh agus bhí sé ina Rapporteur do UNGEGN ó 2002 go 2007 agus ina Thionolaí ar Ghrúpa Oibre ar Fhoghraíocht an eagrais sin ó 2002 go 2012. Tá sé ina Uachtarán ar Chumann Léann Ainmneacha na Breataine agus na hÉireann (SNSBI) faoi láthair. Tá a lán scríofa aige ar ghnéithe éagsúla de logainmneacha thar na blianta agus tá sé i mbun oibre ar a chéad leabhar, Logainmneacha na hÉireann.

Nuashonraithe Eanáir, 2015
Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála