ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
ÓNÁR mBLAG
  Hata Zú Mhamó agus Lá leis na Lochlannaigh ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló Tá Cois Life an-bhródúil go bhfuil dhá leabhar linne, Hata zú Mhamó le hÁine Ní Ghlinn, agus Lá leis na Lochlannaigh le ...
  Aoi-bhlag le Tony Candon: Léirmheas ar Lá leis na Lochlannaigh  Scéal do pháistí faoi eachtraí thriúr pháiste atá againn sa leabhar gearr seo le Máire Zepf. Seo an dara leabhar a scr...
  Fainic! Tá na Lochlannaigh ag teacht... / Watch out! The Vikings are coming...  Chuireamar agallamh ar an údar, Máire Zepf. We interviewed the author, Máire Zepf. Is dócha go bhfuil bua na samhlaíoch...
  Máire Zepf agus a laethanta leis na Lochlannaigh. Máire Zepf tells us about her Viking days. Bhuaigh Máire Zepf an chéad duais d’fhicsean do dhaoine óga in Oireachtas na Samhna 2015 do Lá leis na Lochlannaigh. Foi...
Máire Zepf ag Cois Life


Máire Zepf
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Máire Zepf

Foilsíodh céad leabhar Mháire, Tubaiste ar an Titanic (Cló Mhaigh Eo) sa bhliain 2012. Ainmníodh é do Ghradam Leabhar na Bliana sa bhliain chéanna. Tá Lá Leis na Lochlannaigh (Cois Life, 2016) mar scéal leanúnach don bheirt phríomh-charachtar, Cormac agus Brídín, agus iad ag plé le heachtra nua stairiúil. Bhuaigh Lá leis na Lochlannaigh an chéad duais d’fhicsean do dhaoine óga in Oireachtas na Samhna 2015. Ainmníodh é do Ghradam Réics Carló i 2016.

Bhí paisean don stair ag Máire ariamh, rud a ghlac go hOllscoil Oxford í mar mhac léinn. Spreag na teagascóirí, na sean-leabharlanna agus an meon foghlamtha ansin go mór í. I ndiaidh di céim mháistir a bhaint amach, chuaigh sí go Londain agus d’oibrigh sí i ngíomhaireacht fógraíochta ansin, ag déanamh fógraí teilifíse, clóite agus raidió. Sa bhliain 2001, bhog sí ar ais go Co. an Dúin chun oibriú mar Oifigeach Forbartha na Gaeilge i nDún Phádraig. Chuir sí fúthu in Ard Mhic Nasca, baile dúchais Mháire, áit a bhfuil cónaí uirthi go fóill.

Tá triúr clainne acu anois: Áine, Cillian agus Lorcán. Tá na páistí á dtógáil le Gaeilge. Is mar mháthair lán-aimseartha a thosaigh Máire ag scríobh, ar dtús mar cholúnaí don iris an tUltach agus ina dhiaidh sin don New Humanist. Chomh maith leis an sraith ficsean stairiúil do pháistí aois 9-11, bíonn Máire ag scríobh pictiúrleabhair do pháistí óga fosta. D’fhoilsigh Futa Fata an chéad phictiúrleabhar léi, Ná Gabh ar Scoil! in 2015. Ainmníodh é do Leabhar na Bliana an CBI agus Gradam Réics Carló sa bhliain 2016.

Bíonn Máire le feiceáil le peann agus leabhar nótaí ar an pháirc súgartha, ag an linn snámha agus i seomra feithimh an dochtúra. Is minic dinnéar dóite ina teach mar gheall ar scéal nó alt. Taobh amuigh den scríobh, baineann sí sult as dreapadóireacht agus siúl in áiteacha fiáine – sna cnoic, cois trá agus i gcoillte.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair, 2016

Lá Leis na Lochlannaigh (Cois Life, 2016)
Ná Gabh ar Scoil! (Futa Fata, 2015)
Tubaiste ar an Titanic (Cló Mhaigh Eo, 2012)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála