ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
ÓNÁR mBLAG
  Leabhair Cois Life ar an aer / Cois Life books on air Agus muid ag druidim i dtreo dheireadh mhí Eanáir breathnaímid ar leabhair Cois Life a bhí faoi thrácht sna meáin an tse...
  Duaiseanna Oireachtais / Oireachtas Prizes Bhain go leor dár gcuid údar duaiseanna liteartha amach ag Oireachtas 2016. Some of our successful authors from the Oir...
  Spotsolas: An tIriseoir agus an t-údar Foilsíodh an chéad leabhar le Michelle Nic Pháidín, An tIriseoir, i mí na Bealtaine agus is iomaí trácht ar an leabhar a...
  ‘Cosúil le cuid mhór ban measann tú go bhfuil sí neamhurchóideach...’ agus ‘Procrastination is a common disease but it is one that you can beat’. Michelle Nic Pháidín ag labhairt faoina húrscéal An tIriseoir Is dócha go bhfuil bua na samhlaíochta agatsa, ach conas ar smaointigh tú ar chreatlach an scéil ar an chéad dul síos? ...
  Togha is rogha na gclúdach / The best of covers, the worst of covers?  Mar fhoilsitheoirí, caithimid an chuid is mó dár ama ag léamh téacsanna, agus á gcur in ord is in eagar. Ach is rud io...
Michelle Nic Pháidín ag Cois Life
An tIriseoir
Michelle Nic Pháidín
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Michelle Nic Pháidín
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Michelle Nic Pháidín

Rugadh Michelle i nGlaschú, Albain ach tógadh í i nGaoth Dobhair. Bhí cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath ar feadh roinnt blianta. Le linn na tréimhse sin, rinne sí staidéar ar an iriseoireacht in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Aungier.

Scríobh Michelle le Foinse agus nuair a thosaigh sí ag obair mar iriseoir. Chaith sí tréimhsí ag obair don Irish Daily Mirror agus don Star on Sunday agus tá obair mar shaorisireoir déanta aici don Irish Times, don Irish Independent agus don Irish Examiner thar na blianta. Is iriseoir ilghnéitheach í faoi láthair agus tá a lán oibre déanta aici le stáisiúin raidió agus teilifíse. Ba í a rinne an clár teilifíse Éagóir de TG4 a chur i láthair idir 2011 agus 2014. Tá sí ag obair mar iriseoir sinsearach leis an Donegal Democrat faoi láthair. Tá suim mhór ag Michelle i gcúrsaí teanga agus bhí sí ina cathaoirleach ar Choiste Comhairleach na nÓg agus ina ball de Coimisiún na Gaeltachta. Bhain sí an dara háit i gcomórtas liteartha Oireachtas na Gaeilge in 2004 leis an ngearrscéal ‘Baile na mBlaincéad.’ Bhain sí Corn Mháire Nic Dhonnachadha don amhránaíocht ar an sean-nós an bhliain céanna. D’fhoilsigh Cois Life a céad saothar ficsin, úrscéal dar teideal An tIriseoir in 2016.

Tá cónaí ar Michelle i mbaile Leitir Ceanainn.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Úrscéalta

An tIriseoir (Cois Life, 2016)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála