ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Seán Ó Cearnaigh
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Seán Ó Cearnaigh

Baile Átha Cliathach agus céimí de chuid Choláiste na Tríonóide é Seán, a chaith sealanna taighde in Acadamh Ríoga na hÉireann, in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus sa Bhrainse Logainmneacha. Rinne sé eagarthóireacht ar fhoilseacháin éagsúla agus thiomsaigh sé an t-eolaire Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995 (Comhar, 1995). Tá sé i mbun na pleanála corparáidí i bhForas na Gaeilge. Ó 2007 go 2009 bhí sé ina Uachtarán ar Fhoilsiú Éireann/CLÉ, an eagraíocht ionadaíoch ar earnáil na foilsitheoireachta leabhar in Éirinn.

Bhunaigh sé an comhlacht foilsitheoirí Cois Life in 1996 i gcomhar le Caoilfhionn Nic Pháidín chun saothair liteartha agus taighde a chur ar fáil i nGaeilge.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Acadúil

Scríbhneoirí na Gaeilge 1945–1995 (Comhar, 1995)
An Stad: croílár na hAthbheochana (Comhar, 1993)

Eagarthóireacht

Éigse Éireann / Poetry Ireland Review 39 - Eagrán Speisialta Gaeilge (1993) Lux Aeterna agus Dánta Eile, Eoghan Ó Tuairisc (ed. Seán Ó Cearnaigh) (Cois Life, 2000) A New View of the Irish Language (Cois Life, 2008)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála