ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Brian Ó Raghallaigh ag Cois Life


Brian Ó Raghallaigh
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Brian Ó Raghallaigh

Léachtóir é an Dr Brian Ó Raghallaigh in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil bainistiú agus forbairt theicniúil na dtionscadal ainm.ie, dúchas.ie, gaois.ie, logainm.ie agus téarma.ie faoina chúram aige. Roimhe sin, bhí sé ag obair ar thionscadal sintéise Gaeilge abair.ie i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Sa ríomheolaíocht, sa teangeolaíocht agus sa Ghaeilge atá a chúlra. Foinéimiú ilchanúnach don Ghaeilge ab ea ábhar a thráchtais Ph.D. i gColáiste na Tríonóide. D’fhoilsigh Cois Life an chéad saothar leis, Fuaimeanna na Gaeilge, in 2013 agus foilsíodh an dara heagrán den saothar céanna in 2014.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Saothar Acadúil

Fuaimeanna na Gaeilge (Cois Life, 2013, an dara heagrán Cois Life, 2014)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála