ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Antain Mac Lochlainn ag Cois Life
Cruinneas
Antain Mac Lochlainn
Cuir Gaeilge Air!
Antain Mac Lochlainn
10.20 (bog) | Ceannaigh anois é | Eolas breise
Focail le Gaois
Antain Mac Lochlainn
15.00 (bog) | Ceannaigh anois é | Eolas breise
In Ord is in Eagar
Antain Mac Lochlainn
20.00 (bog) | as cló | Eolas breise
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Antain Mac Lochlainn
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Antain Mac Lochlainn

Rugadh Antain Mac Lochlainn i gCúil Raithin, Contae Dhoire in 1965. Tá B.A. agus Ph.D. sa Léann Éireannach aige ó Ollscoil Uladh ar an mbaile sin. Tá tréimhsí caite aige ag obair le Foinse, Bord na Gaeilge agus RTÉ. Tá sé anois ina eagarthóir ar an suíomh acmhainní Gaeilge, www.aistear.ie.

D’fhoilsigh Cois Life treoirleabhar leis faoi cheird an aistriúcháin, Cuir Gaeilge Air (Cois Life, 2000), agus treoirleabhar eagarthóireachta leis, In Ord is in Eagar (Cois Life, 2009). In 2015, foilsíodh an dara heagrán de In Ord is in Eagar, chomh maith le Cruinneas (Cois Life, 2015), lámhleabhar d’fhoghlaimeoirí ar ardleibhéil. Leagadh amach é mar chnuasach aibítreach de na focail agus de na struchtúir ghramadaí is minice a bhaineann tuisle asainn.

Tá sé ina chomhúdar, le Siuán Ní Mhaonaigh, ar fhoilseacháin i gcomhair foghlaimeoirí Gaeilge. Ina measc sin tá Speaking Irish/An Ghaeilge Bheo (McGraw-Hill, 2007),Blas: Cleachtaí Foghraíochta (COGG, 2014) agus Snas agus Blas, sraith de thrí théacsleabhar meánscoile (CCEA 2016–).

Tá duaiseanna agus sparánachtaí bainte aige dá shaothar ficsin ón gComhairle Ealaíon, ó Sheachtain na Scríbhneoirí, ó Oireachtas na Gaeilge, agus ó Chomórtas Gearrscéalta Francis McManus RTÉ. Bhí a chéad úrscéal, Ruball an Éin (Cló Iar-Chonnachta, 2005), gearrliostaithe do Dhuaiseanna Glen Dimplex 2006. Tá sé gníomhach mar aistritheoir liteartha freisin; d’fhoilsigh Cois Life Malairt Scéil: Nuascéalaíocht ó Albain in 2006. Tá leabhair do léitheoirí óga aistrithe ag Antain freisin, dhá leabhar ón tsraith Asterix, agus An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh (An Gúm, 2014).

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2016

Saothar taighde

Snas agus Blas (CCEA 2016–) [i gcomhar le Siuán Ní Mhaoinigh]
Cruinneas (Cois Life, 2015)
In Ord is in Eagar (Cois Life, 2009, an dara heagrán Cois Life, 2015)
Blas: Cleachtaí Foghraíochta (COGG, 2014) [i gcomhar le Siuán Ní Mhaoinigh]
Speaking Irish: An Ghaeilge Bheo (McGraw-Hill, 2007) [i gcomhar le Siuán Ní Mhaoinigh]
Focail le Gaois (Cois Life, 2002)
Bímis ag Léamh (Comhar, 2001)
Cuir Gaeilge Air! (Cois Life, 2000)

Ficsean

Ruball an Éin (Cló Iar-Chonnachta, 2005)
Taibhsí an Locha (Cló Iar-Chonnachta, 2005)

Aistriúchán

Malairt Scéil: Nuascéalaíocht ó Albain (Cois Life, 2006)

Aistriúcháin do dhaoine óga

Asterix na nGallach (Dalen Éireann, 2014)
Asterix agus an Corrán Óir (Dalen Éireann, 2014)
An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh (An Gúm, 2014)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála