close

If you have trouble reading the PDF file in the viewer use this link to the PDF file.

ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
ÓNÁR mBLAG
  Gailearaí: Seoladh Cinnlínte le Deaglán de Bréadún Sheol Brian Cowen Cinnlínte: saol an iriseora le Deaglán de Bréadún in Hodges Figgis an tseachtain seo caite. Bhí idir p...
  Saol an Iriseora le Deaglán de Bréadún: I measc na dTeifeach  I measc na dteifeach An scéal ba thruamhéalaí dar chlúdaigh mé ariamh ab ea tragóid na dteifeach Curdach a d’imigh ...
  Saol an Iriseora le Deaglán de Bréadún: Brian Cowen  An rud is tábhachtaí le hagallamh ar bith ná go mbeadh duine spéisiúil agus nuachtúil le ceistiú agat. Ní gá go mbead...
  Saol an Iriseora le Deaglán de Bréadún: Charles Haughey  An rud is tábhachtaí le hagallamh ar bith ná go mbeadh duine spéisiúil agus nuachtúil le ceistiú agat. Ní gá go mbead...
  Coimisiúin ó Fhoras na Gaeilge / New works commissioned by Foras na Gaeilge Comhghairdeas le Alex Hijmans, Deaglán de Bréadún agus Michal Boleslav Měchura a fuair coimisiún ó Fhoras na Gaeilge i m...
Cinnlínte
Oscail an leabhar
Cinnlínte
Saol an Iriseora
ISBN: 978-1-907494-58-1
Foilsithe: 2016
12.00   Ceannaigh anois é

Cuireann Deaglán de Bréadún inár láthair anseo buaicphointí óna ghairmré mar iriseoir. D’oibrigh sé le The Irish Times agus ina dhiaidh sin le The Irish Sun. Ar na pearsana móra a chastar orainn tá Yasser Arafat, Boris Yeltsin, Mikhail Gorbachev, Cathal Ó hEochaidh, Ian Paisley agus Brian Cowen.

Le súil ghéar agus le stíl neamhchasta mar is dual dó, labhraíonn sé go hoscailte faoi dhúshláin agus faoi éachtaí an iriseora, go háirithe i gcúinsí casta cogaíochta agus coimhlinte, bíodh sé ag trácht ar ainnise riocht na dteifeach Coirdíneach ag teitheadh ó Saddam Hussein nó ar phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann.

Foghlaimeoidh iriseoirí óga agus mic léinn cumarsáide cuid mhór uaidh faoi ghnéithe den cheird, faoi dhiongbháilteacht agus faoi ghairmiúlacht an iriseora, agus go deimhin faoi thír na hÉireann agus faoi imeachtaí an domhain mhóir sa tréimhse sin ó na 1970idí i leith a mhúnlaigh saol agus sochaí an lae inniu.

Léirmheasanna
Sliocht

Is é an bua is mó atá ag an údar ná go dtugann sé comhthéacs sóisialta do na himeachtaí seo. Admhaíonn sé, mar shampla, go mbíonn sé dian go leor ar dhaoine óga sna saolta deireanacha seo a chreidiúint go raibh cosc ar choiscíní agus ar phiollairí frithghiniúna anseo le fada. Maidir leis an reifreann ar an cholscaradh, ní thig a chúinge is a bhí an bua ag lucht a thoirmisc (50.3%) a thuiscint i gceart gan cumhacht na hEaglaise agus coimeadachas an phobail ag an am sin a chur san aireamh. Tá cúlra na gconspóidí tugtha ag an údar ar bhealach éadrom, spreagúil agus soléite. Mar sin de, is lámhleabhar riachtanach é Cinnlínte d’ábhar iriseoirí agus d’éinne atá ag iarraidh a bheatha a thabhairt i dtír i réimse na cumarsáide.

Sliocht as léirmheas le Breandán Delap, Comhar, Deireadh Fómhair 2016.

Deaglán de Bréadún worked for many years as a reporter and correspondent with The Irish Times and is well-known and respected among those of us who read his articles over the years.

This memoir outlines the shape of his journalistic career and events at home and abroad on which he reported. For those of his own vintage, Cinnlínte is a reminder of major news events and personalities. For readers of a younger generation, the book will be an easily digested account of news stories that have become history and a glimpse at the life of a accomplished journalist.

He acknowledges how quickly the past becomes a foreign country and how today’s younger generation find it almost impossible to imagine the conservatism that permeated Irish society shortly before they were born. Cinnlínte should go some of the way to help explain to them how some of those changes happened, and to remind older readers of personalities, events and quotations that made the news. ‘Turkeys voting for Christmas’ was always a favourite of mine and I was glad to be reminded of the ‘wife-swapping sodomites’.

Sliocht as léirmheas ‘A memoir of changing times’ le Cathal Póirtéir, The Irish Times, 7 Eanáir 2017.

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála