close

If you have trouble reading the PDF file in the viewer use this link to the PDF file.

ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Scéal Scéil
Oscail an leabhar
Scéal Scéil
Rúndiamhra na Meán
ISBN: 978-1-907494-39-0
Foilsithe: 2014
15.00 (bog)   Ceannaigh anois é

Táimid uile ag feidhmiú faoi scáth na meán cumarsáide ach is beag eolas atá againn i ndáiríre faoi cén chaoi a bhfeidhmíonn siad. Sa leabhar seo nochtann iriseoirí aitheanta, atá in ard a maitheasa faoi láthair, a gcuid rún faoi na modhanna oibre a chleachtann siad chun scéalta a aimsiú agus a sheachadadh. Gheobhaidh an léitheoir spléachadh ní hamháin ar ealaín na ceirde ach ar an chleasaíocht a bhíonn ar bun i seomraí nuachta na tíre. Tá idir mhagadh is dáiríre sa leabhar seo agus tarraingíonn na hiriseoirí ó thaithí fhairsing na mblianta le scéilíní agus le smaointe faoi chleachtadh na hiriseoireachta a roinnt linn.

Déantar cíoradh ar réimse leathan ábhar ann: na tréithe atá riachtanach, an tablóideachas, claonta polaitiúla, tuairiscí ó láithreacha cogaíochta, féidearthachtaí gnó na hiriseoireachta, cén chaoi le ceisteanna a chur agus le freagraí a sheachaint. Ar na hiriseoirí a scríobh alt don leabhar tá Harry McGee, Paul Drury, Póilín Ní Chiaráin, Seán Ó Cuirreáin agus Cathal Mac Coille.

Léirmheasanna
Sliocht

Léirmheas in The Irish Times, Márta 2014

Léirmheas ó bhlag le hAonghus Ó hAlmhain: ‘Ceird is ea iriseoireacht. Namhad an cheird gan í a fhoghlaim, ach ní foghlaimítear ceird sa seomra ranga ná fiú san Ollscoil. Foghlaimítear ceird ó bheith ag obair le máistrí. Ní bhíonn an deis sin ann i gcónaí, ar ndóigh; ach is féidir méid áirithe a fhoghlaim ó scéalta na máistrí ar a dtaithí féin.

Sin díreach atá sa leabhar seo, seanchas na ceirde á reic ag máistrí sa cheird, cuid mhór acu fós gníomhach; cuid eile atá anois ar an dtaobh eile den mboird agus léargas ar leith acu dá bhrí sin.’

Léigh an léirmheas ar fad anseo.

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála