|
Filíocht
Chomhaimseartha na Gaeilge
Eagarthóir:
Ríona Ní Fhrighil
 |
|

Foilsithe:
Feabhra 2010
ISBN: 978-1-901176-42-1
Leathanaigh: 313
Clúdach: bog
Praghas: €20
Ceannaigh
|
Cnuasach ilúdar
d'aistí critice é seo ar fhilíocht chomhaimseartha
na Gaeilge. Tugann údair na n-aistí léargas
cuimsitheach ar shaothar filí éagsúla
agus rianaíonn na príomhléamha critice
a rinneadh ar an fhilíocht sin go dtí seo. Saothar
tábhachtach tagartha é seo do mhic léinn
agus do scoláirí a bhfuil suim acu i bhfilíocht
chomhaimseartha na Gaeilge.
T á sé dírithe ar an té nach bhfuil
réamheolas cuimsitheach aige cheana ar shaothar na
bhfilí ná ar theoiricí liteartha comhaimseartha.
Is é an sprioc a bhaineann leis ná filí
ár linne agus a saothar a chur in aithne do léitheoirí
nua agus do ghlúin úr mac léinn. Tá
sé dírithe ar lucht teagaisc agus foghlama ar
an tríú leibhéal mar aon le léitheoirí
sa ghnáthphobal ar mhaith leo blaiseadh d'fhilíocht
chomhaimseartha na Gaeilge.
|