|
english
|
|
príobháideacht
leabhair údair Fúinne
 
 

LE FOILSIÚ 2009-2011

Cuimsíonn an liosta seo na teidil agus na sceidil foilsithe atá beartaithe ag COIS LIFE. Déantar athchóiriú ar na teidil agus ar na sceidil de réir mar a ghluaiseann an obair ar aghaidh

 

Sceoin na Mara
Liam Ó Muirthile

Corpán amháin atá ar dtús ann, bean óg a sheolann isteach leis an taoide. Nuair a leanann corpáin eile í, leagtar síos pátrún uafar dúnmharaithe. Íobairt gach ceann, is cosúil.

Tá sraithdhúnmharfóir inár measc.

Scéinséir bleachtaireachta.

Praghas measta: €16
Dáta foilsithe measta: 2010

An Chúis
Alex Hijmans

Filleann Rebekka, bean óg ón Ísiltír, agus Andy, a fear céile, Meiriceánach dúchasach, ar Ghaillimh ar mhí na meala. Teastaíonn uathu cuairt a thabhairt ar 'An Chúis' - an caifé dátheangach inar chuir siad aithne ar a chéile an chéad lá riamh. Ach, agus iad ag trasnú an droichid trasna na Coiribe, titeann a gcroí: tá an caife imithe....

Scéal faoi idéalachas, dílseacht, grá agus caife atá san úrscéal seo; scéal faoi bhean óg a dteastaíonn uaithi an domhan a athrú ach a fhaigheann amach gur inti féin a chaithfidh an réabhlóid tarlú.

Praghas measta: €16
Dáta foilsithe measta: 2011

Maitrióisce
Siobhán Parkinson

Lá breithe Mara atá ann. Tá trí bliana déag bainte amach aici. Ach an bronntanas a thugann a máthair di ná sraith bábóg maitríóisce ón Rúis - an saghas bronntanais a gheobhadh cailín beag, agus bábóigín amháin acu caillte, fiú.

Nuair a théann Mara agus a cara Dorota ar thóir na bábóige is lú, áfach, nochtann eolas nach raibh barúil ag Mara faoi roimh ré. Úrscéal do dhéagóirí óga.

Praghas measta: €10
Dáta foilsithe measta: 2011

Garáiste sa Ghaeltacht
Éilís Ní Dhuibhne

Castar cailín agus buachaill ar a chéile agus ise ar saoire faoin tuath. Ise as ceantar meánaicmeach i mBaile Átha Cliath, agus eisean as ceantar breac-Ghaeltachta i dTír Chonaill. Tá gnáthshaol ag an gcailín, ach tá an buachaill páirteach i mionchoiriúlacht agus é ag ól an iomarca.

Titeann seisean i ngrá léi.

Níl spéis aici siúd i mbuachaill dá leithéid.

Ach tarlaíonn tubaiste uafásach a thugann le chéile iad.

Praghas measta: €12
Dáta foilsithe measta: 2011

Idirthréimhse
Orna Collins

An raibh sé de dhánaíocht agat riamh freastal ar bhean feasa? Ar lorg tú do thuismeá laethúil i nuachtain agus in irisí, nó an truflais atá ann? An féidir a bhfuil i ndán dúinn sa todhchaí a aimsiú i gcarn cártaí i ndáiríre?

Sraith gearrscéalta do dhéagóirí idirbhliana faoi chairde a dhéanann iarracht ciall a bhaint as a leithéid ach, ní mar a shíltear a bítear.

Praghas measta: €12
Dáta foilsithe measta: 2010-2011

Seanfhocla Chonnacht
Eagarthóir: Donla uí Bhraonáin

Eagrán nua den bhunsaothar cuimsitheach le Tomás Ó Máille (Oifig an tSoláthair 1948, 1952). Bunábhar an bhailiúcháin athchóirithe agus curtha ar fáil do ghlúin nua in aon imleabhar tarraingteach amháin. CD-ROM mar áis chuardaigh san áireamh.

Praghas measta: €20
Dáta foilsithe measta: 2010

An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc
Eagarthóirí: T. Ó hIfearnáin & M. Ní Neachtain

Téacs ilúdar é seo, ina bpléitear príomhghnéithe na sochtheangeolaíochta, agus suíomh na Gaeilge sa chomhthéacs idirnáisiúnta sin léinn. Téann na téacsanna i ngleic leis an mbunábhar teoiriciúil agus leis an taobh feidhmiúil sa réimse: an éagsúlacht, na pobail urlabhra, an antraipeolaíocht teanga, an t-ilteangachas, malartú teanga, códmheascadh agus criólú, coincheapa na pleanála teanga, caighdeán agus caighdeánú, stádas reachtúil na Gaeilge sa tír, an Ghaeilge sa chóras oideachais, sainiú na Gaeltachta, ceist na féiniúlachta agus an dearcadh náisiúnta, na meáin agus na heagrais teanga. Tá sé úsáideach do mhic léinn bunchéime agus iarchéime.

Ar na húdair tá: Tadhg Ó hIfearnáin, Máire Ní Neachtain, Máirtín Ó Murchú, Brian Ó Curnáin, Steve Coleman, Conchúr Ó Giollagáin, Brian Ó Catháin, Siobhán Ní Laoire, Helena Ní Ghearáin, Pádraig Ó Laighin, Muiris Ó Laoire, John Walsh, Pádraig Ó Riagáin, Peadar Ó Flatharta agus Iarfhlaith Watson.

Praghas measta: €20
Dáta foilsithe measta: 2010

Scríbhinní Amhlaoibh Uí Shúilleabháin
Neil Buttimer

Anailís chuimsitheach atá anseo ar théacs agus ar chomhthéacs na dialainne. Scagann an t-údar modhanna peannaireachta agus cumadóireachta Amhlaoibh mar aon lena shaothar i réimsí eile, an fheirmeoireacht, an mhúinteoireacht, agus a shaol tí agus teaghlaigh. Rianaíonn sé forás a chuid filíochta agus próis mar aon leis na mionscríbhinní. Ach thar aon ní eile tugann sé éachtaint neamhchoitianta ar léann soch-chultúrtha na Gaeilge.

Léachtóir is ea an t-údar i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá cuid mhór saothair déanta aige féin i réimsí na staire agus an chultúir.

Praghas measta: €20
Dáta foilsithe measta: 2011