| 
Cá bhfuil an scríbhneoir
Gaeilge, gan trácht ar an Ghaeilgeoir, nár fhulaing
daorphianta amhrais roimh dhul a luí dó nuair
a samhlaíodh dó gur amaideach an mhaise d'aon
duine a shaol a chaitheamh le teanga a bhí i gcróilí
le fada, a scríobhann Fionntán de Brún.
Is ar ghéarchéim
mheitifisiciúil den chineál sin a dhíríonn
Máirín Nic Eoin sa leabhar nua seo léi,
Trén bhFearann Breac: an Díláithriú
Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge, ina gcuirtear
promhadh ar bhundamhna litríocht na Gaeilge, idir chorp,
anam agus chleiteacha, ó thús an 20ú
haois anall.
Ar ndóigh, ní
fhéadfá tabhairt faoi scrúdú den
sórt sin gan uirlisí critice a bhfuil faobhar
na freacnairce orthu agus is chuige sin a tharraingíonn
Nic Eoin ar lón idirnáisiúnta an iarchoilíneachais
agus ar theoiricí na síceolaíochta cultúir
de réir mar is gá.
Ba é an tsamhail a thabharfá
don leabhar seo ón tús an féinscrúdú
agus an oilithreacht anama a rinne Seán Ó Ríordáin
in Oileán agus Oileán Eile: "Ná
bíodh ort aon chritheagla/Id láthair féin/Cé
go loiscfidh sé id bheatha tú/ Do thusa féin."
Ina dhiaidh sin, má thuigeann Nic Eoin na contúirtí
agus an dúshlán a bhaineann le féinscrúdú,
dála Uí Ríordáin, ní miste
léi an íoróin agus an féinmhagadh
bheith ina sciath chosanta aici ar an bhealach.
Ní miste filleadh ar
an Ríordánach agus ar a dhán sin, Fill
Arís, le tuiscint a fháil ar cheann de bhuntéamaí
an leabhair seo, mar atá, tóraíocht na
barántúlachta, atá "ar cheann de
mhórthéamaí na litríochta agus
na teoiricíochta iarchoilíní" de
réir Nic Eoin. Náisiún a ndearnadh ionradh
agus coilíniú orthu agus a chaill an greim a
bhí acu ar a bhféiniúlacht féin,
ní hiontas ar bith iad bheith in amhras go maith faoin
rud a bhí nádúrtha dúchasach acu
ó thús ama.
Easnamh é seo a fhágann
go mbítear de shíor ag iarraidh filleadh ar
an rud dúchasach go dtí gur gheall le néaróis
sa deireadh é. Is cuid den nearóis chéanna
é an fíor-Ghaelachas, an t-eisintiúlachas
agus an róbhéim ar cheart na Gaeilge. Cé
gurb iomaí buille a bualadh ar Sheán Ó
Ríordáin féin de bharr an chlaonta sin
chun "íonghlaineacht teanga" a bhí
i dtreis i measc criticeoirí Gaeilge, thug sé
féin isteach don eisintiúlachas cultúrtha
nuair a ghríosaigh sé muintir na hÉireann
bheith siar leis go Dún Chaoin mar a raibh, dar leis,
a n-intinn féin is a gcló ceart.
Ach murar éist an Ríordánach
i gcónaí leo siúd a thuig gur bhua agus
fhoinse cruthaitheachta aige an talamh eadrána sin
idir Galltacht agus Gaeltacht, "a chumas teanga úrnua
a mhúnlú as an gcumasc ab oidhreacht iarchoilíneach
aige", réitigh sé an bealach do ghlúin
úr scríbhneoirí a d'aithin go bhféadfaí
na teorainneacha teanga agus cultúir a threabhadh go
héifeachtach.
An tuiscint seo ar bhunfhírinne
an phobail mhionlaithe, "gur dual dóibh maireachtáil
idir dhá chultúr, nach bhfuil de rogha acu ach
an idirchultúrthacht", is ábhar do dhán
le Colm Breathnach, Trén bhFearann Breac, dán
óna bhfuair Nic Eoin teideal a leabhair féin.
Ar ndóigh, ní
in Éirinn amháin a tuigeadh go bhféadfadh
an ghéarchéim chultúrtha dul ar sochar
do scríbhneoirí nó ba é an taithí
chéanna a spreag scoil an iarchoilíneachais
atá anois ina feiniméan domhanda.
I dtaca le cúrsaí
teanga, is de dhlúth agus d'inneach na cruthaitheachta
an teannas a mhaireann idir mórtheanga agus mionteanga
nó mar a mhaíonn Albert Memmi, duine de ridirí
móra an iarchoilíneachais: "Colonial bilingualism
... is a linguistic drama."
Ina dhiaidh sin is uile, má
d'éirigh leis an aos léinn stair an choilíneachais
a chur lena leas féin, níor thaise don chosmhuintir
é, rud a mhíníonn Nic Eoin nuair a nochtann
sí iarmhairtí coscracha na himirce dúinn.
Is iomaí sin foinse eolais a chuidíonn léi
san anailís sin, orthu sin taighde atá déanta
ar an easláinte intinne i measc na nÉireannach
a thug an bád bán go Sasana. Ach is i bhfianaise
Mháirtín Uí Chadhain, in alt a foilsíodh
ar an Irish Times sna 1950í, is fearr atá duibheagán
na himirce le haireachtáil: "Is fada mé
á thuiscint go bhfuil Éire básaithe.
Ní leigheasfaidh scéimeanna sláinte rud
atá fuar marbh ... Taobh thiar díom faoi scaoilteoig
an dorchadais tá an corp bodhar dall. Bheadh orm filleadh
ar an gcorp sin i mo chuileoig shalach."
Is i bhfaisnéis lom
neamhbhalbh sin Uí Chadhain atá cuid de laigí
scoil an iarchoilíneachais le mothú, nó
meabhraíonn sé dúinn an meath fisiciúil
réalach a tháinig ar phobal iarthar na hÉireann,
go háirithe, i ré an choilíneachais agus
ina dhiaidh sin i ré an iarchoilíneachais.
Mura gluaiseacht uileghabhálach
í scoil an iarchoilíneachais a théann
i ngleic le taithí sin an phobail a bhí faoi
chois ag an choilíniú is beag éifeacht
a bheas léi. Dá mhéad atá le foghlaim
ó theoiriceoirí faoi "hibridiú"
cultúir agus teanga, is beag an mhaith a dhéanfaidh
siad don phobal iarchoilíneach mura bhfuil siad ar
an iúl leo. Mar a deir Ella Shohat: "Post-colonial
theory's celebration of hybridity risks an anti-essentialist
condescension towards those communities obliged by circumstances
to assert, for their very survival, a lost and even irretrievable
past." Ní leigheas ar bith ar an choiliniú
impireacht smaointeachais a bhunú in ollscoileanna
an domhain ach a mhalairt, leathbhreac an choilíneachais
féin.
Ceisteanna iad seo a éiríonn
as an téis shaibhir théagartha atá curtha
le chéile ag Nic Eoin agus is go léannta tuisceanach
a chíorann sí gach ceist a chastar sa tslí
uirthi. Tá sé de bhua aici gur uirlis aici an
teoiric iarchoilíneach seachas foirmle nach bhfuil
dul taobh anonn di.
Tá sampla againn den
bhua sin sa léamh grinnslítheach ata déanta
aici ar an tsraith dánta le Nuala Ní Dhomhnaill,
Na Múracha a thriomaigh. Is iad na hiarrachtaí
atá déanta ag na múracha "teacht
i dtír" (cor cainte a bhfuil ciall fhairsing ann
féin) is ábhar don fhile sna dánta seo,
iarrachtaí a thabharfadh cás na ndaoine atá
ar imirce in Éirinn i do cheann. Ainneoin gurb iomaí
tagairt atá sna dánta seo don tráma a
bhain do na múracha, aithníonn Nic Eoin go bhfágtar
an tráma sin gan míniú agus ar an ábhar
sin ní bhrúnn sí aon léamh do-athraithe
ar na dánta cé gur léamh éirimiúil
iarchoilíneach atá déanta aici orthu.
Seasann gach ceann de na naoi
gcaibidil inti féin mar phlé ar ghné
áirithe de bhunábhar an leabhair. Ach, os a
choinne sin, leantar snáithe an mhórscéil,
an díláithriú cultúir agus "dráma
na teanga", ó thús deireadh. Is annamh
nach mbíonn ceist an réalachais nó ceist
na barántúlachta in uachtar sa phlé sin
go háirithe i gcaibidlí deireanacha an leabhair
áit a bpléitear ceisteanna teanga agus foirme
i saothrú na litríochta Gaeilge. Ceisteanna
praiticiúla iad seo go minic - cad é mar is
féidir an Ghaeilge a chur i mbéal carachtar
nach labhraíonn agus nach dtuigeann Gaeilge?
Is é príomhchuspóir
leabhar seo Mháirín Nic Eoin dála na
nualitríochta Gaeilge a scrúdú ar dhóigh
a aithneoidh comhthéacs iomlán socheolaíoch
teangeolaíoch na litríochta sin, idir náisiúnta
agus idirnáisiúnta. Is éacht ann féin
an méid sin bheith bainte amach aici. Saothar mílaoiseach
é seo ina scrúdaíonn an t-údar
toscaí litríocht na Gaeilge go hionraic dúshlánach
paiteanta. Níl amhras ach go mbeifear ag taisteal "trén
bhfearann breac" go cionn i bhfad.
Fionntán de Brún - Irish Times 08 Meitheamh
2005 © The Irish Times
barr |