|

Sliocht as Caibidil
6: ÉIRE, AN GHAEILGE AGUS AN BÉARLA
Má amharcaimid arís
anois sa chomhthéacs úr seo ar chás theangacha
na hÉireann agus na conspóidí éagsúla
a leanann iad, cuma eile a bhíonn orthu.
Is féidir an cheist
seo a leanas ar dtús a athchur: an ceart go dtabharfadh
rialtas na hÉireann tacaíocht don Ghaeilge?
Is i gcomhthéacs an náisiúnachais a phléitear
an cheist seo i gcónaí ar an dá thaobh.
Iad seo a bheir tacaíocht do chaomhnú na Gaeilge,
is ar bhun an náisiúnachais a chosnaíonn
siad a gcuid tuairimí de ghnáth. Agus nuair
a cháintear na daoine sin agus na heagraíochtaí
sin a bhíonn gníomhach i leith na Gaeilge, náisiúnachas
cúng agus rómánsúil is minice
a chuirtear ina leith. Ach nítear talamh slán
de ar an dá thaobh gurb í fealsúnacht
an náisiúnachais (bíodh do bheannacht
léi nó do mhallacht uirthi) is bonn don iarracht
chaomhnaithe.
Ach má osclaítear
amach an fráma tagartha beagán beag, is léir
láithreach nach bhfuil baint ar bith ag an náisiúnachas
leis an scéal. Is fiú tabhairt faoin iarracht
chaomhnaithe cionn is gurb é ár riar-na í
den mhór-iarracht dhomhanda chun oidhreacht éagsúlachta
an chine dhaonna a shábháil. Fágadh againn
le cosaint, de thairbhe taismí na staire, téad
amháin de ghréasán na héagsúlachta
sin ‹ gréasán ar leis an chine daonna
ar fad agus nach linne amháin é, gréasán
atá a oiread sin faoi ionsaí i láthair
na huaire go bhfuil sé i mbaol a chaillte. Iarracht
í seo fosta nach cúlú siar ionainn féin
í, ach gur gníomh samhlaíochta í
a chuireann i dteagmháil sinn leis na pobail sin uilig
eile ar fud na cruinne ar thit sé ar a gcrann tabhairt
faoin iarracht chéanna. Níl de dhifríocht
idir sinn féin agus na pobail sin eile ach gur saibhre
muid ná ceann ar bith acu.
Má bhreathnaítear
ar an iarracht chaomhnaithe ar an dóigh seo, is iarracht
frithnáisiúnach go bunúsach í.
Má tá muid le tabhairt fúithi, ní
mór a aithint ar dtús gurb é an náisiúnachas
an namhaid is seirbhe agus is contúirtí ar bith
dá raibh riamh ag teangacha neamh-fhorleathana¹.
Ní mór a aithint ina dhiaidh sin nach sainiúla
an Ghaeilge ná teanga ar bith eile. Teanga atá
inti atá cosúil le teanga ar bith eile, teanga
atá i dteid-eal an oiread céanna tacaíochta
a fháil agus atá ag dul do Yupik, do Maori nó
don Ghraonlannais, agus chan níos mó. Dá
dtabharfaí fúithi i gceart, rachfaí i
bpáirt-íocht thras-náisiúnta leis
na grúpaí sin (iad bocht agus imeallach níos
minice ná a mhalairt) atá ag iarraidh iad féin
a eagrú le cur in éadan ansmacht uasaicme idirnáisiúnta
an chaipitleachais. Séard a bheadh ann sraith amháin
in iarracht idirnáisiúnta scoilteacha a oscailt,
dá mba scoilteacha beaga féin a bheadh iontu,
i mbeanna ollmhóra gruama idé-eolaíocht
an chaipitleachais idirnáisiúnta san aois seo.
Luíonn sé le
loighic, creidim, breathnú ar iarracht an chaomhnaithe
sna téarmaí seo. Ní mar seo, ar ndóigh,
a mhínítear go hiondúil í agus
ní mar seo a chuir na ceannairí oifigiúla
a bhí ar ghluaiseacht¹ na hathbheochana chun tosaigh
riamh í. Is rómhinic téamaí an
náisiúnachais, téamaí na féiniúlachta
agus téamaí an oileánachais i mbéalaibh
na gceannairí sin ‹ na téamaí sin
a chuir ó dhoras cuid mhór de na daoine is na
grúpaí ba mhó fuinneamh, ba mhó
dóchas agus ba dhoimhne intleacht sa tír. Doicheall
is minice is cuimhneach liom féin a bhíodh ag
ceannairí na gluaiseachta oifigiúla roimh na
gluaiseachtaí sin a raibh bunús fír-inneach
daonlathach leo, agus iad ag riaradh ar riacht-anais dhaonna
phobail leithéidí Gluaiseacht Chearta Sibhialta
na Gaeltachta, nó feachtas scoil Dhún Chaoin
mar shampla. Eagraíochtaí éifeachtacha
a bhí iontu seo ar éirigh leo spriocanna cinnte
praiticiúla a bhaint amach, agus ar braitheadh gur
eagraíochtaí bagarthacha, ionsaitheacha agus
contúirteacha a bhí iontu.
I mo thaithí féin,
ba mhinic bearna leathan intleachta idir ceannairí
oifigiúla ghluaiseacht na Gaeilge agus an mhuintir
sin a bhí gníomhach ó lá go lá
ar leibhéal an phobail i gcur chun cinn agus i gcaomhnú
na teanga. Ba sin mo thaithí-se cibé ar bith,
agus taithí go leor eile nach mé.
Téama eile (seachas
téama an náisiúnachais) atá préamhaithe
go daingean i ndioscúrsa pholaitíocht na teanga
ná téama an éadóchais. Ceaptar
go forleathan gur feachtas ar dual dó teip feachtas
na hathbheochana, go bhfuil ag teip cheana féin air,
agus nach bhfuil ag seasamh idir sinn féin agus an
fhírinne sin ach fimíneacht fhorleathan oifigiúil.
Níl ann, mar sin, ach cur amú ama agus áiseanna
Stáit a bheith i mbun na hiarrachta ar chor ar bith.
Bhí an téama seo go mór chun tosaigh
sa phlé a rinneadh tamall de bhlianta ó shin
ar bhunú Theilifís na Gaeilge¹ nó
TG4 mar atá anois air. Arís eile, is dearcadh
é seo atá chomh coitianta céanna i measc
phobal na Gaeilge agus atá i measc lucht a gcáinte.
Ní hannamh boladh na sástachta le mothú
san aer nuair a bhíonn Gaeilgeoirí ag cur síos
ar chomh gasta agus tá an Ghaeilge á tréigean
i gceantar Gaeltachta amháin nó i gceantar Gaeltachta
eile, nó chomh híseal agus atá caighdeán
na Gaeilge sna scoileanna.
Cuirimis, mar sin, ceist shimplí
orainn féin an bhfuil ag teip ar fheachtas seo an chaomhnaithe
nó an bhfuil ag éirí léi?
Nuair a phléitear ceist
mar seo, is i dtéarmaí dóchas agus tuairimíocht
bhunaitheoirí ghluaiseacht na hathbheochana a dhéantar
í a fhreagairt. Agus má dhéantar cás
na Gaeilge a mheas inniu de réir an dóchais
a bhí acu sin, ní ábhar iontais boladh
an éadóchais agus boladh na teipe a bheith san
aer.
Ródhóchasach
a bhí na ceannródaithe sin, rud nár thógtha
orthu. Níor triaileadh riamh roimhe teanga a thabhairt
ar ais a bhí chomh gar d¹imeall na huaighe agus
a bhí an Ghaeilge céad bliain ó shin.
An stór taithí
agus eolais a theastódh le réadúlacht
an dóchais sin a thomhas, níorbh ann dó
ag an am. Ach ar an drochuair, is ann dó anois, cionn
is a bheith d¹oibleagáid ag an oiread sin pobal
ar fud an domhain tabhairt faoin iarracht chéanna le
leathchéad bliain anuas. Is féidir mar sin miosúr
cruinn an iarracht chaomhnaithe a thógáil. Nuair
a scrúdaítear cás na Gaeilge i gcomhthéacs
an eolais sin, nochtar chun solais cúpla rud atá
suimiúil go maith.
Cé gur deacair, is dóiche,
é a chreidbheáil, tá an Ghaeilge i measc
na dteangacha sin a áirítear i measc na dteangacha
sábháilte¹ i bhfráma tagartha Hale
agus Krauss (féach thuas). Seo na teangacha nach baol
go fóill dóibh. Dhá shlat tomhais (mar
a dúradh cheana) a úsáidtear don rangú
seo:
(i) 100,000 nó níos
mó a bheith mar phobal urlabhra aici; nó
(ii) tacaíocht oifigiúil
stáit a bheith taobh thiar di.
Tá, ar ndóigh,
tacaíocht oifigiúil stáit ag an Ghaeilge
(más drogallach fimíneach an tacaíocht
chéanna), gréasán raidió, bealach
teilifíse, gréasán naíonraí
agus scoileanna agus í le sonrú go láidir
ar an idirlíon. Tá b¹fhéidir, idir
20,000 agus 30,000 cainteoir dúchais ann faoi láthair,
agus go leor daoine óga ina measc sin. Tá fosta
pobal 100,000 nó mar sin ann a bhaineann úsáid
measartha rialta as an teanga cé nach cainteoirí
dúchais iad. De réir an dá shlat tomhais,
mar sin (agus ní theastaíonn ach ceann amháin),
caithfear an Ghaeilge a rangú i measc na dteangacha
sábháilte¹.
Ní léir dom sa
deireadh cén dearcadh ba cheart a bheith againn ar
na fíricí seo uilig. Tá sólás
áirithe le baint astu. Ach ar leibhéal níos
doimhne, léiríonn siad chomh tubaisteach agus
tá an scéal nuair a amharcaimid thar chlaí
na teorann againn féin. Más teanga sheasmhach
í an Ghaeilge i gcomparáid le nócha faoin
chéad de theangacha an domhain, cé aige a mbeadh
dóchas go mbeidh ar ár gcumas mórán
a thabhairt slán ón slad atá ag bagairt
faoi láthair?
An bhfuil teipthe ar
iarracht an chaomhnaithe, nó an bhfuil ag éirí
léi? Is í gnáth-thuairim an dá
thaobh go bhfuil ag teip, nó go bhfuil teipthe, uirthi.
Ach nuair a scrúdaítear feachtais eile den chineál
chéanna in áiteacha eile, is léir, creidim,
go bhfuil feachtas chaomhnaithe na Gaeilge ar an fheachtas
is fearr ar éirigh go fóill léi in áit
ar bith ar domhan. Tuigimid anois, ar bhealach nárbh
fhéidir a thuigbheáil céad bliain ó
sin, chomh deacair agus atá sé teanga a bhí
chomh gar don bhás agus a bhí an Ghaeilge ag
deireadh an 19ú haois a thabhairt ar ais chun beochta. © An tUdar
barr |