Leabhar
tagartha agus leabhar saothair is ea In Ord agus in Eagar,
ní hamháin don ábhar eagarthóra ach d'iriseoirí agus d'aistritheoirí
a chaithfidh slacht a chur ar a gcuid scríbhinní Gaeilge féin.
Tá nótaí agus gníomhaíochtaí cuimsitheacha ann faoi ghnéithe
den chóipeagarthóireacht (m.sh. gramadach, caighdeán agus
canúint, poncaíocht), faoi chúrsaí stíle (an téacs a dhéanamh
soléite, slachtmhar) agus faoin bpróiseas cóipeagarthóireachta
(m.sh. uirlisí leictreonacha, seicliostaí). Tá plé faoi leith
ann ar na deacrachtaí a bhaineann le haistriúcháin Ghaeilge.