|

Réamhrá
Bliain chinniúnach in
Éirinn do shiombail na náisiúnachta abea
1926 ar mhórán slite. Shocraigh Éamon
de Valera páirtí nua polaitiúil, Fianna
Fáil, a bhunú, a raibh a léamh féin
ar theanga agus náisiún aige (Lee, 1989: 151).
Chuaigh Raidió Éireanni mbun craolta den chéad
uair, i nGaeilge agus i mBéarla.Bunaíodh Coimisiún
Bhéaloideas Éireann agus thosnaigh ar dhúchas
luachmhar a bhailiú i ngach cearn den tír, go
leor de ó chainteoirí Gaeilge. Toghadh W.B.
Yeats mar chathaoirleach ar choiste airgeadra chun nótaí
agus boinn Éireannacha a roghnú. Agus d'fhoilsigh
Coimisiún na Gaeltachta tuarascáil a thug léargas
úrnua ar thuairimí i leith na Gaeltachta, agus
a leag síos,den chéad uair ar pháipéar,
teorainneacha oifigiúla na gceantar ina labhraítí
Gaeilge. Is ar obair an Choimisiúin sin atá
an leabhar seo bunaithe.
Ní mór ar dtús roinnt saincheisteanna
téarmaíochta a shoiléiriú. Is
fada iad na focail "Gaeltacht" agus a inbhéarta
stairiúil, "Galltacht", in úsáid
in Éirinn agus in Albain, cé go bhfuil athruithe
imithe ar chiall na bhfocal le himeacht aimsire. Aimsíodh
ceann de na chéad samplaí d'úsáid
an fhocail "Galltacht" i gcomhthéacs Éireannach
sa 14ú Aois, nuair ba léir gur ag tagairt do
dhaoine in ionad d'áit ar leith a bhí sé:
mionlach Béarlóirí i dtír a raibh
an Ghaeilge i gceannas inti (Ó Torna, 2000: 54). Is
in Albain thart ar an mbliain 1700 a fhaightear an chéad
tagairt do "Ghaeltacht" le ciall thíreolaíochta,
ag tagairt do cheantar ina labhraítí Gaeilge.
22 Is cosúil gur iompórtáladh an chiall
seo ó Albain go hÉirinn (Ó Gadhra, 1989:
2), ach ní go cionn dhá chéad bliain
eile. Ní fhaightear na chéad tagairtí
Éireannacha do Ghaeltacht mar cheantar tíreolaíoch
go dtí deireadh an 19ú hAois, tráth dá
raibh cineálacha nua náisiúnachais agus
athbheochana cultúrtha ag teacht chun cinn. Tá
tuiscint ar an nGaeltacht mar 'chonstráid' (Ó
Torna, 2000: 51) ríthábhachtach i gcomhthéacs
na dtuairimí agus na bpolasaithe a tháinig chun
cinn níos déanaí i leith na gceantar
seo.
Tá tráchtearraíocht
na hoidhreachta, nó 'commodification of culture' mar
a thugann Ruth McManus air (1997: 91), ina chnámh spairne
d'iliomad mionlach cultúrtha: bealach chun
sainiúlacht an mhionlaigh sin a chur ar taispeáint
don saol mór, ach síol a bhféadfadh léirscrios
an chultúir sin péacadh as chomh maith. Is téama
é seo a ndéantar tagairt dó go minic
sa litríocht a bhaineann le mionlaigh chultúrtha:
léiríonn an scríbhneoir Meiriceánach,
Barbara Kingsolver, faoi mar a dhéantar margaíocht
thuatach ar chultúr na mbundúchasach ina bailiúchán
scéalta, Homeland (Kingsolver, 1996: 1-22). Rianaíonn
alt Mc Manus na dúshláin a bhaineann leis an
gceist i gcás na hÉireann: an chontrárthacht
idir oidhreacht atá bunaithe ar chaomhnú agus
cosaint ar thaobh amháin agus, ar thaobh eile, tionscal
a d'fhéadfadh gach a bhfuil le cosaint a scrios, trí
bhreis cuairteoirí a mhealladh ann. D'fhéadfaí
a áiteamh gur mó an choimhlint sin sa lá
atá inniu ann ná mar a bhí níos
mó ná céad bliain ó shin nuair
a bhí buaicphointe bainte amach ag an athbheochan chultúrtha
agus teanga. Baineann sí le hábhar go mór,
áfach, ag deireadh an 19ú hAois chomh maith,
tráth dár thosnaigh ceannairí na hathbheochana
ag gríosadh a lucht tacaíochta - ar de bhunadh
cathrach a bhformhór - chun saoire a chaitheamh sa
Ghaeltacht. Deineadh idéalú ar na ceantair Ghaeltachta
mar thobar na teanga agus an Éireannachais, a raibh
todhchaí na tíre ag brath orthu, agus éascaíodh
an turasóireacht chultúrtha seo dá bharr.
Léiriú gléineach é an sliocht
seo a leanas ó 1900 as an nuachtán, An Claidheamh
Soluis Soluis, ar rómánsúlachas na tréimhse:
, Ní raibh ariamh, agus ní bheidh go bráth,
cuige ná crioch a thóig laochra budh thréine,
gaisgidheacha budh chalma, fir budh neartmhara, mná
budh slachtmhara, daoine budh ghrádhmhala, 'ná
ar gcúige dúthchais féin. Bhí'n
fhéile agus an fhlaitheamhlacht i gcomhnuidhe ag rith
lé muintir Connachta; bhíodh biadh ag an ocrach
le fághail uatha, dídean ag an dteithmheach,
déirc ag an mbochtán, aoidheacht ag an deóraidhe
('Smaointe ar Chonnachtaibh', An Claidheamh Soluis, iml. ii,
lch 419, luaite in Ó Torna, 2000: 61), tá go
leor fianaise ann, áfach, nárbh ionann an t-idéalú
seo ar mhuintir na tuaithe i gConamara agus an drochstaid
fhírinneach eacnamaíochta ag an am. Ní
mór cuimhneamh gurbh ionann cuid mhaith den Ghaeltacht
in iarthar, iarthuaisceart agus iardheisceart na tíre
agus na limistéir ar bhaist rialtas Shasana 'ceantair
chúnga' orthu in 1891, ceantair róphlódaithe
a raibh a ngeilleagar teipthe orthu. Bunaíodh Bord
na gCeantar Cúng chun iarracht a dhéanamh obair
a chur ar fáil sna háiteanna nárbh acmhainn
don talmhaíocht an daonra ard a chothú.
Mar sin, níorbh ionann
in aon chor íomhá ghealgháireach de mhuintir
Chonnachta ag dáileadh bia ar na bochtáin agus
an fhírinne eacnamaíochta. Ba léir, áfach,
go raibh tionchar ag na
tuairiscí sin ar feadh i bhfad. Faoi mar a scríobhann
tráchtaire amháin:
The conversion of the Gaeltacht regions of Ireland into
repositories of a primitive culture, and the attendant
cementing of the nation's identity to discourses of
premodernism and ethnic purity, has had important
consequences for state policy in the Gaeltacht, and for
the response of Gaeltacht people to their assignment as
traditional' (Johnson, 1997: 174)
Tar éis bhunú
an stáit, tháinig sé chun solais nach
raibh éinne lánchinnte cén áit
go díreach a raibh an Ghaeltacht lonnaithe, in ainneoin
go rabhthas á hadhmholadh le breis agus tríocha
bliain roimhe sin. Níorbh aon ábhar iontais
é, mar sin, gur ghníomhaigh an stát nua
go tapaidh chun teorainneacha na Gaeltachta a chur ar léarscáil.
I 1925, bhunaigh an rialtas Coimisiún Gaeltachta, a
raibh na haidhmeanna seo a leanas aige:
- to inquire and report to the Executive Council [rialtas]
as to the percentage of Irish Speakers in a district which
would
warrant its being regarded as (a) an Irish speaking district
or
(b) a partly Irish speaking district, and the present extent
and location of such districts
- to inquire and make recommendations as to the use of Irish
in the administration of such districts, the educational facilities
therein, and any steps that should be taken to improve the
economic condition of the inhabitants (Rialtas na hÉireann,
1926: 1) 33
Leag an Coimisiún síos
dhá 'chineál' Gaeltachta: 'Fíor- Ghaeltacht',
ceantar ina raibh an Ghaeilge ag níos mó ná
80 faoin gcéad den phobal agus 'Breac-Ghaeltacht',
ceantar ina raibh an teanga ag idir 25 faoin gcéad
agus 79 faoin gcéad. Obair mhór dhúshlánach
a dhein Coimisiún na Gaeltachta ar feadh níos
mó ná bliain. Gairmeadh 26 cruinniú ar
fud na tíre agus glaodh ar 100 fínné
(Walsh, 2001: 4). Cuireadh agallaimh ar fheirmeoirí,
múinteoirí, sagairt agus oifigigh áitiúla.
Chuathas i mbun suirbhéanna cuimsitheacha maidir le
cumas Gaeilge an phobail. Deineadh anailís eacnamaíochta
ar an nGaeltacht féin.
Léiríonn an tuarascáil
chuimsitheach, thoirtiúil a d'fhoilsigh an Coimisiún
i 1926 go raibh sciar mór d'iarthar, de dheisceart
agus de thuaisceart na tíre á chlúdach
fós ag brat na Gaeilge ag an am. Is cinnte go raibh
an brat seo tanaí go maith i gcuid mhaith de na ceantair
a bhí i gceist agus nárbh fada eile a bheadh
an Ghaeilge mar theanga phobail in oirthear Shligigh, deisceart
Chill Chainnigh, iardheisceart Chorcaí agus cuid mhaith
de Mhaigh Eo. Léiriú iad na léarscáileanna,
mar sin féin, den phóitéinseal a bhí
ann pobal láidir Gaeilge a thógáil i
mblianta luaithe an neamhspleáchais. Cé go ndúirt
an Coimisiún go raibh titim mhór ar líon
na gcainteoirí dúchais - 31% idir Daonáireamh
1911 agus suirbhé speisialta 1925/6 (Rialtas na hÉireann,
1926: 10) - léirigh an fhianaise go raibh pobail Ghaeilge
fós ar marthain in 12 de na 26 chontae (feic léarscáil
ar chúl). Tá luach eile ag baint leis an tuarascáil
sa mhéid is go léirítear inti go soiléir
na meonta a bhí ag muintir na Gaeltachta féin,
cuid acu a bhí ag teacht salach go hiomlán ar
thuairimíocht oifigiúil na hathbheochana.
Ar na gnéithe is suntasaí
maidir leis an bhfianaise a bailíodh ó fhinnéithe,
mar a léireofar sna sleachta, tá an fíor-dhrochstádas
a bhí ag an nGaeilge féin i measc lucht a labhartha.
Cuireann cuntas i ndiaidh cuntais in iúl nach raibh
tuismitheoirí sásta an teanga a sheachadadh
dá bpáistí de bharr gan feidhm ar bith
a bheith léi, dar leo:
I think they feel ashamed of it. I heard girls from the fíor-
Ghaeltacht trying to pretend that they knew very little Irish,
but the English was so bad that anyone would know that they
spoke some other language … The old people have the
Irish and they don't want their children to learn it …
I am afraid it is the traditional system that has come down
since the time the Irish language was persecuted. It is a
sort of unconscious memory with them … Up to the present
every position in the land was open to a person who knew nothing
but Irish. 44
[C]é a thógfadh
ar aithreacha agus ar mháithreacha Béurla a
labhairt le'n a bpáistí anois, má bféidir
agus a gcúl a thabh airt do'n nGaedhilg. Chonnaic a
bhfúrmhór aca cad a bhain dóibh féin
de dheasca na Gaedhilge. Gach post i mbun aon deallradh bhíodh
ag imtheacht ba leis an mBéurlóir blasta a thuiteadh
sé, agus is beag nach amhlaidh tá an scéul
indiú féin againn. Táthar ag toghadh
Béurlóirí, fé láthair,
os cionn Gaedhilgeóirí tá comhoireamhnach
le h-aghaidh postanna Puiblidhe agus lánchead an Riaghaltais
leis an obair sin. Ní h-aon iognadh daoine bheith ag
gearán agus ag clamhsán mar gheall ar mhúineadh
na Gaedhilge mar, an fhaid 's tá obair den tsórt
san ar siúbhal níl ann acht magadh. Go dtí
go bhfeicidh nó go gcuirfear'n a luighe ar aithreacha
agus ar mháithreacha go raghaidh an Ghaedhilg chun
sochair dá gclainn, glacfaidh siad go fuar, faillighteach
í. © An tUdar
barr |