ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Leabhair ghaolmhara
Údair ghaolmhara
Céadaoin
08
Meitheamh
2016

Aoi-bhlag le Tony Candon: Léirmheas ar Lá leis na Lochlannaigh

Scéal do pháistí faoi eachtraí thriúr pháiste atá againn sa leabhar gearr seo le Máire Zepf. Seo an dara leabhar a scríobh Máire do leanaí faoí eachtraí Bhrídín agus Chormaic. Sa leabhar seo, téann an bheirt, pháistí ón lá inniu, trí dhoras draíochta go mBaile Átha Cliath (nó Duibhlinn, mar a tugtar air) i ré na Lochlannach, áit a mbuaileann siad le cailín óg darb ainm Bjarki.

Cailín báire í Bjarki a bhíonn ag troid go minic: mar a deir sí, Gunchild is fíor-ainm di ach tugtar Bjarki uirthi mar ciallaíonn sé sin ‘béar beag’ sa tsean-Lochlannais. Nuair a chasann muid léi tá sí ag troid le beirt bhuachaill, Bork agus Brant, mic an ghabha, agus cladhaimh adhmaid ina lámh aici. Feiceann Brídín agus Cormac an troid seo agus an-eagla orthu. Buaileann na buachaillí an claidheamh as lámh Bjarki agus ritheann siad leo.

Tá an scéal simplí go leor. Faigheann an triúr amach gur féidir leo caint as Gaeilge le chéile mar gur Gael í máthair Bjarki. Buaileann siad leo go dtí teach Bjarki, áit a dtaispeánann an Lochlannach óg seoid speisialta don bheirt. Cuireann sí an siogarla ómra uirthí. Ansin, ritheann an triúr amach ag súgradh, an siogarla uirthi fós.

Agus an triúr ag súgradh, tagann mic an ghabha ar ais. Baineann siad an siogarla de Bjarki agus ritheann siad leo arís. Leanann na páistí Bork agus Brant go ceárta an ghabha chun go bhfaighfeadh siad ar ais an siogarla. Toisc go bhfuil na buachaillí níos láidre ná an triúr eile agus nach dteastaíonn troid ó Chormac, déanann sé iarracht bonn airgid óna phóca a mhalairtiú ar son an tsiogarla. Teipeann air, ach ansin tugann Brídín tóirse as a mála agus díríonn sí an solas geal isteach i súile na Lochlannach. Titeann an siogarla agus an bhonn ó lámha Brant; piocann Brídín suas ón talamh iad agus ritheann an triúr ar ais go dtí teach Bjarki.

Ní theastaíonn uaim níos mó den scéal a insint anseo, ach ba mhaith liom a rá gur scéal sásúil atá ann. Bíonn trioblóidí eile ag na páistí sula shroicheann siad seomra codlata i dteach a sean-thuismitheóirí – ach, ar ais tríd an doras draíochta i ndeire na dála leo. Gan dabht, beidh eachtraí eile ag an mbeirt sar i bhfad!

Ba phágánaigh iad na Lochlannaigh; is Gael í mathair Bjarki, agus cheapfá gur Críostaí í agus go mbeadh tagairt dó sin, go háirithe i dteach Bjarki ag deireadh an scéil: is iad déithe na Lochlannach a ghuíonn sí.

Tá gluais áisiúil Gaeilge-Béarla ag deireadh an leabhair, ach ba cóir go mbeadh aistriúchán freiseann ar an Lochlannais.

Cad is féidir a rá faoin scéal seo? Is scéal é gur féidir taithneamh a bhaint as. Scéal deas do pháistí óga é. Is í láidreacht an scéil ná an cur síos ghéar ar shaol ré na Lochlannach atá ann. Is cosúil go ndearna an t-údar mion-staidéar ar chultúr ábhartha na Lochlannach. Is féidir boladh agus torann shráideanna Dhuibhlinn a breathnú ó na leathanaigh! Ach tá botún beag ann, ar leathanach 34. Ní raibh coiníní in Éirinn i ré na Lochlannach; is leis na Normanaigh a tháinig siad isteach go hÉirinn. B’fhéidir gur ghiorriacha a bhí ann!

I ndeire na dála, is scéal do pháistí atá ann. Bain taithneamh as!


Tony Candon, Coimeádaí, Roinn Shaol-Tíre na hÉireann in Ard Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe.


Beidh taispeántas nua ar siúl in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe go luath, dar teideal An Taisce agus an Claíomh: Macallaí na Lochlannaigh i Maigh Eo. Rithfidh an taispeántas ó dheireadh mhí an Mheithimh 2016 go mí na Bealtaine 2017.

Ard Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe
Páirc Thurlaigh
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo

Lá leis na Lochlannaigh ar fáil anseo.

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála