ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.

Blag Cois Life

Aoine
27
Eanáir
2017

Leabhair Cois Life ar an aer / Cois Life books on air

Blog post photo
Agus muid ag druidim i dtreo dheireadh mhí Eanáir breathnaímid ar leabhair Cois Life a bhí faoi thrácht sna meáin an tseachtain seo. Cuimnigh go bhfuil lacáiste 20% ar gach leabhar ar an suíomh seo go dtí an 1 Feabhra! Mar chuid de Cormac ag a Cúig ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, cuireadh tús le sraith píosaí a thugann cur síos ar na leabhair Ghaeilge is mó díol ar fud na tíre anuraidh. Ar an Máirt, luadh na deich leabhar is mó díol ar www.siopa.ie. Bhí Róisín Adams ann chun cur síos a dhéanamh ar na leabhair ar fad (agus í ina riarthóir ar ClubLeabhar.com). • Uimhir 3: Éagóir le
Déardaoin
01
Nollaig
2016

Comórtas na Nollag / Christmas Competition

Blog post photo
An bhfuair tú seachadadh leabhar ó Cois Life tríd an bpost? Cuir clib orainn le pictiúr de na leabhair agus beidh deis agat cóip den fhinscéal álainn Teach an Oighir a bhuachan mar fhéirín Nollag. Just got books from Cois Life in the post? Tag Cois Life with a picture of the book and you could win a copy of the beautiful tale Teach an Oighir as a Christmas gift.
Céadaoin
16
Samhain
2016

Duaiseanna Oireachtais / Oireachtas Prizes

Blog post photo
Bhain go leor dár gcuid údar duaiseanna liteartha amach ag Oireachtas 2016. Some of our successful authors from the Oireachtas awards 2016. Ghnóthaigh Michelle Nic Pháidín an dara duais sa chatagóir Úrscéal - Ficsean Ginearálta don úrscéal An tIriseoir. Foilsíodh An tIriseoir in 2016 agus bhí an-tóir air ó am a fhoilsithe. Michelle Nic Pháidín was awarded second place in the category Novel - General Fiction for her work An tIriseoir. An tIriseoir was published in 2016 and has been in constant demand since its release. Ghnóthaigh Órna Ní Choileáin an dara duais sa chatagóir Fics
Luan
07
Samhain
2016

Cogar i gcluais don scríbhneoir úr le hÁine Ní Ghlinn/ Tricks of the trade with Áine Ní Ghlinn

Blog post photo
Comhrá le hÁine Ní Ghlinn faoina modh scríbhneoireachta tar éis di Gradam Réics Carló a ghnóthú don dara uair as a chéile. Céard a mholfá don léitheoir gur mhaith léi bheith ina húdar? Mholfainn dó nó di a bheith ag léamh. Gach sórt scéil, gach sórt leabhair. Bí ag léamh agus ag léamh agus ag léamh. Chomh maith leis sin, mholfainn do dhuine ar bith atá ag iarraidh a bheith ina údar fáilte a chur roimh chairde samhailteacha. Bíonn gach carachtar a shiúlann isteach is amach as mo leabhair mar a bheadh cara samhailteach agamsa. Siúlann siad go léir thart liom ar feadh i bhfad sula gcuirim
Aoine
04
Samhain
2016

Gradam Réics Carló ag Hata zú Mhamó

Blog post photo
Ag ócáid i gCill Áirne bronnadh Gradam Réics Carló ar Hata zú Mhamó, an dara leabhar le hÁine Ní Ghlinn a bhain an duais seo amach. Is éacht é seo, agus comhghairdeas ó chroí léi! Cé nach raibh léaráidí sa leabhar, ba mhaith linn Olivia Golden, a mhaisigh an clúdach álainn, a lua go speisialta - bhí saothar léi agus le Máire Zepf, Lá leis na Lochlannaigh ar an ngearrliosta, agus ochón nach féidir le dhá leabhar an duais a bhaint amach! Bhí Cois Life an-bhródúil as dhá leabhar linn a fheiceáil sa chomórtas, agus ár mbuíochas leis an mbeirt údar agus an maisitheoir as an obair mhór a rinne si
Céadaoin
19
Deireadh Fómhair
2016

Hata Zú Mhamó agus Lá leis na Lochlannaigh ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló

Blog post photo
Tá Cois Life an-bhródúil go bhfuil dhá leabhar linne, Hata zú Mhamó le hÁine Ní Ghlinn, agus Lá leis na Lochlannaigh le Máire Zefp ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló i mbliana. Foilsíodh céad leabhar Mháire, Tubaiste ar an Titanic (Cló Mhaigh Eo) sa bhliain 2012. Tá Lá leis na Lochlannaigh (Cois Life, 2016) ag leanúint le scéal na bpríomhcharachtar céanna, Cormac agus Brídín, agus iad ag plé le heachtra nua stairiúil. Bhí paisean don stair ag Máire riamh, rud a mheall go hOllscoil Oxford í mar mhac léinn, agus leis an leabhar seo is féidir leat samhlaíocht Mháire a bhlas go tréan. Cuirea
Máirt
04
Deireadh Fómhair
2016

Gailearaí: Seoladh Cinnlínte le Deaglán de Bréadún

Blog post photo
Sheol Brian Cowen Cinnlínte: saol an iriseora le Deaglán de Bréadún in Hodges Figgis an tseachtain seo caite. Bhí idir pholaiteoirí agus iriseoirí i láthair chomh maith le pobal Gaeilge na cathrach don seoladh. Is éard atá sa leabhar ná meascán de chuimhní agus eachtraí ó shaol iriseoireachta Dheagláin. Eoin Ó Murchú, James B. Monaghan agus Deaglán Deaglán agus Mary Maher Aidan O’Toole (cara ó Shráid Synge) agus Deaglán Deaglán agus Máirín Ní Ghadhra Deaglán faoi agallamh ag Máirín Ní Ghadhra Teachtaí Dála Catherine Connolly agus Maureen O’Sullivan Caoilfhionn Nic Pháidín, s
Luan
26
Meán Fómhair
2016

Freagraíonn Alex Hijmans ceisteanna an phobail faoina leabhar nua An tearmann

Blog post photo
Is é An tearmann an dara húrscéal agus an cúigiú saothar leat atá foilsithe ag Cois Life. 1. Cad a spreag tú chun an leabhar seo a scríobh? Níl aon réiteach éasca ar an gceist achrannach a spreag plota an leabhair seo: na coimhlintí idir treibheanna bundúchasacha sa Bhrasaíl (mar a bhfuil cónaí orm) agus úinéirí talún. Bhí fonn orm an cheist sin a chíoradh dom féin i bhfoirm úrscéil. Níor tháinig mé ar fhreagra críochnaitheach. 2. Maidir le do mhodh scríbhneoireachta féin, an mbíonn am seasta agat nó an bhfanann tú go dtagann an inspioráid agus an mbíonn tú sona sásta nuair atá píosa
Déardaoin
15
Meán Fómhair
2016

Saol an Iriseora le Deaglán de Bréadún: I measc na dTeifeach

Blog post photo
I measc na dteifeach An scéal ba thruamhéalaí dar chlúdaigh mé ariamh ab ea tragóid na dteifeach Curdach a d’imigh ón Iaráic go luath sa bhliain 1991 chun éalú ón ionsaí fíochmhar a bhí á dhéanamh orthu ag an ndeachtóir Saddam Hussein. Cuireadh tús le Cogadh na Murascaille (an chéad cheann) i Mí Eanáir na bliana sin agus, le spreagadh ón Uachtarán George Bush Sinsearach, d’éirigh na Curdaigh amach i gcoinne Saddam. Ach thóg na Meiriceanaigh cinneadh gan dul chomh fada le Baghdad agus fágadh na Curdaigh i bponc dá bharr san. B’éigean do thart ar dhá mhilliún díobh dul ar a gcoimeád go dtí
Déardaoin
08
Meán Fómhair
2016

Saol an Iriseora le Deaglán de Bréadún: Brian Cowen

Blog post photo
An rud is tábhachtaí le hagallamh ar bith ná go mbeadh duine spéisiúil agus nuachtúil le ceistiú agat. Ní gá go mbeadh sé nó sí ina naomh: ní bhíonn a leithéid i gcónaí spéisiúil, ná trathúil ach oiread! Brian Cowen Táim an-bhuíoch den iar-Thaoiseach Brian Cowen atá chun an leabhar nua agam, Cinnlínte, a sheoladh in Hodges Figgis i mBleá Cliath ar an 20ú lá de Mheán Fómhair. An fo-theideal atá ar an leabhar ná “Saol an Iriseora” agus sa dosaen caibidil atá ann tugaim cur síos ar eachtraí éagsúla a tharla le linn dom bheith ag tuairisceoireacht ar an nuacht sa bhaile agus i gcéin. Mar is
Máirt
06
Meán Fómhair
2016

Saol an Iriseora le Deaglán de Bréadún: Charles Haughey

Blog post photo
An rud is tábhachtaí le hagallamh ar bith ná go mbeadh duine spéisiúil agus nuachtúil le ceistiú agat. Ní gá go mbeadh sé nó sí ina naomh: ní bhíonn a leithéid i gcónaí spéisiúil, ná trathúil ach oiread! Charlie Haughey Is beag duine a déarfadh gur naomh ab ea Charlie Haughey ach ní fhéadfadh éinne a rá nach raibh sé spéisiúil agus nuachtúil. Sa leabhar nua agam, Cinnlínte, foilsithe ag an gcomhlacht Cois Life, tugaim cur síos ar agallamh eisiach a fuair mé le Cathal Ó hEochaidh sa bhliain 1984. Bhí sé fíor-dheacair orm an t-agallamh a fháil mar ní raibh caidreamh ró-iontach riamh idir a
Céadaoin
31
Lúnasa
2016

Pacáistí lascaine scoile ar 20% / Discount of 20% on school orders

Blog post photo
Ag ullmhú don scoilbhliain nua? Tá Cois Life ag cur lascaine 20% ar fáil do scoileanna ar orduithe ar 25 gcóip nó níos mó. Is féidir ordú a dhéanamh trí ghlaoch a chur ar 01-2190223 nó ríomhphost a sheoladh chuig eolas@coislife.ie Cois Life are providing a 20% discount on orders of 25 copies or more received from schools. Orders can be made by phone 01-2190223 or by email to eolas@coislife.ie. Na ceithre leabhar is fearr do bhunscoileanna / The four best books for primary schools: Cén t-am é le Siobhain Grogan. €9, ISBN: 978-1-901176-90. Aois: Naíonáin Mhóra–Rang 1. Ag iarraidh an
Luan
22
Lúnasa
2016

Dhá leabhar Cois Life roghnaithe ag ClubLeabhar.com / Two Cois Life books make the autumn list of ClubLeabhar.com

Blog post photo
Ní cúis iontais dúinn anois dea-scéal eile a chloisteáil faoi Éagóir, ach fós féin bhí áthas orainn é a fheiceáil ar liosta an Fhómhair ag ClubLeabhar.com, agus An Tearmann, leabhar úr ó Alex Hijmans, roghnaithe freisin. Is club leabhar ar líne é ClubLeabhar.com, a bunaíodh in 2009 agus fás agus forbairt air ó shin. Is féidir le baill leabhar na míosa a phlé ar líne, agus rochtain acu ar gluaiseanna an chumainn agus áiseanna eile. Agus má tá tú fiosrach faoi na scéalta sin, tá deis ann anois caibidil shamplach an leabhair a léamh ar shuíomh Cois Life! Tá Éagóir ar fáil anseo, agus An Tearman
Céadaoin
13
Iúil
2016

Maoiniú faighte ag fadscannán Éagóir / Éagóir film secures investment

Blog post photo
Dea-scéal an lae inné ná go bhfuil comhlacht léirithe ROSG tar éis maoiniú a fháil chun scannán Éagóir a chur le chéile bunaithe ar leabhar Sheáin Uí Chuirreáin a d'fhoilsigh muid i mbliana. Is iad ROSG a léirigh An Bronntanas (Tom Collins, 2014) agus Cré na Cille. Tá ríméad orainn agus muid ag súil go mór lena léiriú ar scéal dhúnmharaithe Mhám Trasna. Yesterday, we heard the fantastic news that ROSG are to receive funding to produce a feature-length film, based on Seán Ó Cuirreáin's Éagóir, which we published earlier this year. ROSG have previously produced An Bronntanas and Cré na Ci
Déardaoin
30
Meitheamh
2016

Spotsolas: An tIriseoir agus an t-údar

Blog post photo
Foilsíodh an chéad leabhar le Michelle Nic Pháidín, An tIriseoir, i mí na Bealtaine agus is iomaí trácht ar an leabhar atá cloiste againn ó shin! Tá Michelle i ndiaidh cúpla agallamh a dhéanamh le Raidió na Life, Raidió na Gaeltachta agus Newstalk, agus moltar An tIriseoir do léitheoirí atá ag lorg leabhar do na laethanta saoire. Ar chlár Aon Scéal? ar Raidió na Life, labhair an láithreoir Róisín Adams leis an údar mar gheall ar an scéal agus faoin gcaoi ar tháinig sí ar an inspioráid. Má chaill tú an clár, is féidir éisteacht siar leis anseo. Ansin ar an 10 Meitheamh, labhair Michelle
Céadaoin
08
Meitheamh
2016

Aoi-bhlag le Tony Candon: Léirmheas ar Lá leis na Lochlannaigh

Blog post photo
Scéal do pháistí faoi eachtraí thriúr pháiste atá againn sa leabhar gearr seo le Máire Zepf. Seo an dara leabhar a scríobh Máire do leanaí faoí eachtraí Bhrídín agus Chormaic. Sa leabhar seo, téann an bheirt, pháistí ón lá inniu, trí dhoras draíochta go mBaile Átha Cliath (nó Duibhlinn, mar a tugtar air) i ré na Lochlannach, áit a mbuaileann siad le cailín óg darb ainm Bjarki. Cailín báire í Bjarki a bhíonn ag troid go minic: mar a deir sí, Gunchild is fíor-ainm di ach tugtar Bjarki uirthi mar ciallaíonn sé sin ‘béar beag’ sa tsean-Lochlannais. Nuair a chasann muid léi tá sí ag troid le be
Aoine
20
Bealtaine
2016

Seoladh Éagóir sa Teach Cúirte / Éagóir Launched in the Court House

Blog post photo
Oíche aréir, seoladh an leabhar nua Éagóir: Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna le Seán Ó Cuirreáin. Bhíomar istigh i lár chathair Bhaile Átha Cliath, i dTeach Cúirte Shráid na Faiche, láthair chás cúirte na ndúnmharuithe Mhám Trasna timpeall is céad tríocha bliain ó shin. Ní mór an t-athrú atá tagtha ar an gCúirt ó shin, agus ba láthair rí-oiriúnach í don ócáid. Is éard atá sa leabhar ná insint ar eachtra staire atá fós i ndaonchuimhne an phobail lenar bhain sí. Baineann an scéal le crochadh éagórach agus príosúnú saoil ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar
Máirt
03
Bealtaine
2016

‘Cosúil le cuid mhór ban measann tú go bhfuil sí neamhurchóideach...’ agus ‘Procrastination is a common disease but it is one that you can beat’. Michelle Nic Pháidín ag labhairt faoina húrscéal An tIriseoir

Blog post photo
Is dócha go bhfuil bua na samhlaíochta agatsa, ach conas ar smaointigh tú ar chreatlach an scéil ar an chéad dul síos? De thairbhe gur chaith mé mo shaol i saol na hiriseoireachta tháinig an scéal seo chugam go nádúrtha. Bhláthaigh sé i m’intinn i dtús báire. Chonaic mé go leor scéalta ar fhoréigean baile agus mí-iompar gnéis agus mé i mbun oibre. Chuir sé isteach orm go mór, mór. Bíonn saol na hiriseoireachta i dtólamh dírithe, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, ar an gcoireacht agus mar sin bhí orm an modus operandi seo a úsáid leis an scéal a ghríosú chun tosaigh. Inis dúinn conas a chu
Déardaoin
25
Feabhra
2016

Bí ag faire amach don fhear fada caol dubh! Tuairimí ag Katie Ní Loingsigh ar mhargadh Shéanna

Blog post photo
Nochtann Katie Ní Loingsigh (Cúntóir eagarthóireachta taighde, Fiontar) a tuairimí ar scéal Shéanna, a foilsíodh ar dtús in 1904 é, ar theacht amach eagrán nua ag Caoilfhionn Nic Pháidín. Katie Ní Loingsigh (Research editorial assistant, Fiontar) shares some thoughts on Séanna's story, on the occasion of Caoilfhionn Nic Pháidín's new edition, some hundred years after its first publication. ‘Bíodh ina mhargadh,’ arsa Séanna. ‘Gan teip?’ arsa an Fear Dubh. ‘Gan teip,’ arsa Séanna. ‘Dar bhrí na mionn?’ arsa an Fear Dubh. ‘Dar bhrí na mionn,’ arsa Séanna. Cad atá i ndán don té a dhéa
Céadaoin
17
Feabhra
2016

Ó bhó, a Mhamó! / Goodness gracious, Granny!

Blog post photo
An tseachtain seo chaite bhíomar ag caint le húdar nua, Máire Zepf. An tseachtain seo, chuireamar fáilte roimh Áine Ní Ghlinn – údar Daideo, Tromluí agus an iliomad leabhar eile – nuair a tháinig sí isteach chun an leabhar is déanaí aici a thaifeadadh, Hata Zú Mhamó. Eachtra atá ann, nuair a éalaíonn Mamó agus a cairde amach as an teach altranais le cabhair óna gariníon Siobhán, agus fonn orthu uilig an lá a chaitheamh sa zú! Tá gearrthóg fuaime anseo, ach ar dtús chuireamar ceist nó dhó uirthi… Last week we had a great chat with one of our youngest and newest authors, Máire Zepf. This week,
Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála