File, gearrscéalaí agus úrscéalaí ó cheantar an Leitriúigh i gCiarraí. Rugadh sa leithinis ar a nglaotar Clochán-Bréanainn sa cheantar sin. Bhain céim B.A amach in Ollscoil na hÉireann, Corcaigh agus M.A. sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad sa bhliain 1991.
Mórán duaiseanna liteartha buaite aige i gcomórtais an Oireachtais 2003, 2004, 2005, 2006. Bhain sé Duais an Mhaolánaigh sa bhliain 2006 leis an ngearrscéal Daoine a Itheann Daoine (Cló Iar-Chonnachta, 2010) agus sa bhliain 2008 leis an ngearrscéal An Briatharchath. Bhain sé príomhdhuais an Oireachtais ar chnuasach gearrscéalta le Daoine a Itheann Daoine (Cló Iar-Chonnacht, 2010) i 2009. Bhain sé an phríomhdhuais agus buanthrófaí Chonradh na Gaeilge i gcomórtas filíochta Ráth an Dúin/Dún Laoghaire sa bhliain 2007 leis an dán Naomh Caoimhín agus na hÉin
Údar téacsleabhar scoile agus saineolaí ar an Ardteistiméireacht. D’fhoilsigh Cois Life leabhar leis Tóraíocht Taisce, úrscéal do dhéagóirí, i 2012, saothar a bhain Duais Oireachtais freisin an bhliain chéanna.
Le cúig bliana déag anuas tá sé tar éis a bheith ina stiúrthóir ar cheardlann scríbhneoireachta Gaeilge a reachtáiltear in áiteanna éagsúla ar fud na tíre: Gaillimh; Corcaigh; Ciarraí agus Baile Átha Cliath. Is léirmheastóir agus criticeoir leabhar é fosta. Foilsíonn sé léirmheasanna ar Comhar, Feasta agus ar irisí éagsúla eile. Bíonn sé le cloisteáil go rialta ar RTÉ Raidió 1 agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is ball de bhord na hirise Comhar é ó 2008. Tá sé ina bhall de bhord Áras na Scríbhneoirí ó Mhárta 2010.
Tá cónaí air i mBaile Átha Cliath le tamall fada de bhlianta. A shaol caite aige le múinteoireacht agus scríbhneoireacht. Is scríbhneoir lánaimseartha é ó 2009 i leith.