Tá Neil Buttimer ina Léachtóir Sinsearach le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Is spéis leis litríocht Ghaeilge na Meán-Aoiseanna, an saol Gaelach roimh an nGorta Mór agus cúrsaí cultúrtha comhaimseartha. Tá saothar i bhfoirm aistí agus leabhar i gcló aige sna réimsí sin agus bíonn sé ag stiúradh taighde iontu chomh maith. Chuir sé tús le cúrsa iarchéime i mbainistiú na hoidhreachta agus le bunchéim sa Dlí agus sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Corcaigh. Céimí é de chuid UCC agus Ollscoil Harvard, a chaith seal chomh maith i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Ar na gradaim acadúla atá bainta amach aige airítear Staidéaracht Taistil Ollscoil Náisiúnta na hÉireann agus Scoláireacht Fulbright na Stát Aontaithe.
Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010Le teacht
Scríbhinní Amhlaoibh Uí Shúilleabháin (Cois Life, 2011)