
Is léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge é Liam Mac Amhlaigh i gColáiste Oideachais Froebel, comhcholáiste de chuid Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide é. Tá suim thaighde aige i bhfoclóireacht na Nua-Ghaeilge, ealaín an ghearrscéil Ghaeilge, saol agus saothar Mháirtín Uí Chadhain agus filíocht chomhaimseartha na Nua-Ghaeilge.
Tá ailt foilsithe aige ar fhilí comhaimseartha na Nua-Ghaeilge mar Mháire Mhac an tSaoi, Sheán Ó Ríordáin agus Mháirtín Ó Direáin. Foilsíodh a chéad úrscéal dó Teach na gColúr (Comhar, 2006) in 2006, leabhar a bhuaigh duais i gComórtas Liteartha an Oireachtais sa bhliain chéanna. Is é an saothar is déanaí leis ná Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge (Cois Life, 2008) ina bhfuil spléachadh ar shaothair foclóireachta na Gaeilge ó Shanasán Uí Chléirigh (1643) go foclóir Néill Uí Dhónaill (1978). Rugadh i gCill Mhantáin agus tógadh i mBaile Átha Cliath é.
Nuahonraithe Deireadh Fómhair 2010Úrscéalta
Teach na gColúr (Comhar, 2006)
Staidéar acadúil
Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge (Cois Life, 2008)
Eile
Duaiseanna/Gradaim
Duais d’ábhar litríochta d’fhoghlaimeoirí fásta I gComórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge 2006