
Rugadh Alex Hijmans san Ísiltír. Bhog sé go hÉirinn nuair a bhí sé fiche bliain d’aois agus d’fhoghlaim an Ghaeilge. Chaith sé tréimhse dhá bhliain déag i nGaillimh ansin, ag obair sna meáin Ghaeilge éagsúla, sular thug sé aghaidh ar an mBrasaíl, áit a bhfuil sé ag obair mar chomhfhreagraí idirnáisiúnta.
Tá Gonta, a chéad chnuasach gearrscéalta, lonnaithe in Salvador, príomhchathair Bahia, in oirthuaisceart na Brasaíle, áit a bhfuil cónaí air le cúig bliana anuas. D’fhoilsigh Cois Life Gonta in 2012.
Foilsíodh úrscéal leis cheana Aiséirí (Cois Life 2011) agus saothar neamhfhicsin faoi bhruachbhaile bocht i gcathair Salvador Favela (Cois Life 2009).
Brúigh anseo do leathanach baile Alex Hijmans ar a bhfuil blag ar a shaol sa Bhraisil.
Nuashonraithe Meán Fómhair 2012
Úrscéalta
Aiséirí (Cois Life, 2011)
Favela (Cois Life, 2009)
Aistriúcháin
Maistín (Cló Iar-Chonnachta, 2001)