ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Anna Heussaff ag Cois Life
Bás Tobann
Anna Heussaff
15.00 (bog) | as cló | eolas breise
Cúpla Focal
Anna Heussaff
Vortex
Anna Heussaff
8.00 (bog) | as cló | eolas breise
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Anna Heussaff
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Anna Heussaff

Thosaigh Anna Heussaff ar an scríobh cruthaitheach sa bhliain 2002 agus foilsíodh ceithre úrscéal léi go dtí seo. Is scéal bleachtaireachta do dhaoine fásta é Bás Tobann (Cois Life, 2004), atá suite i mBéarra ar chósta an iardheiscirt. Leabhar móréilimh é ar díoladh 2,000 cóip de. Do dhéagóirí óga atá Vortex (Cois Life, 2006), scéal eachtraíochta faoi chluiche scáileáin a théann amú. Is scéal grá comhaimseartha é Cúpla Focal (Cois Life, 2007) d’fhoghlaimeoirí fásta agus do léitheoirí líofa araon. Bronnadh mórdhuais Oireachtais ar gach ceann de na húrscéalta sin. D’fhill Anna ar réimse na mistéire le Buille Marfach (Cló Iar-Chonnacht, 2010), úrscéal bleachtaireachta a bhfuil cuid de na carachtair chéanna ann a bhí in Bás Tobann.

Rugadh Anna Heussaff sa bhliain 1957 agus tógadh le Gaeilge í i mBaile Átha Cliath; b’as Co. Dhún na nGall dá máthair Bríd agus ba Bhriotánach é a hathair Alan. D’fhreastail sí ar Scoil Chaitríona, ar Choláiste na hOllscoile, B.Á.C. (BA sa Ghaeilge is sa Stair, 1977, agus MA sa Nua-Ghaeilge, 1981) agus ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh (ATO 1978). Sa bhliain 1992 d’fhoilsigh An Clóchomhar a tráchtas don MA, faoin teideal Filí agus Cléir san Ochtú hAois Déag.

Chaith Anna trí bliana i Sasana i dtús na 1980í, ag obair le daoine gan dídean. Sa bhliain 1985, fuair sí post le RTÉ i mBaile Átha Cliath agus chaith sí seacht mbliana dhéag ann: mar thaighdeoir ar chláir raidió ar nós The Pat Kenny Show agus Liveline; mar thuairisceoir ar an tsraith teilifíse Cúrsaí; agus mar léiritheoir/ stiúrthóir teilifíse ar an tsraith Léargas go háirithe. Bronnadh duais Oireachtais don chraoltóireacht uirthi i 1998, as ceann dá cláir Léargas.

Ó 2002 i leith, tá réimse oibre ar siúl aici mar aon leis an scríobh cruthaíoch. Foilsíodh dhá leabhar fíriciúla do dhaoine óga a d’aistrigh sí ó Bhéarla: Seo í mo Scoil (DK & Futa Fata, 2010) agus Leabhar Mór na hEalaíne (DK & Futa Fata 2010). Múineann sí cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta, chomh maith le gearrchúrsaí litríochta i gcoláistí tríú leibhéal. Tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath lena fear céile Simon Brooke agus a mac Conall.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010

Úrscéalta

Buille Marfach (Cló Iar-Chonnacht, 2010)
Cúpla Focal (Cois Life, 2007)
Vortex (Cois Life, 2006)
Bás Tobann, (Baile Átha Cliath: Cois Life, 2004)

Staidéar Acadúil

Filí agus Cléir san Ochtú hAois Déag (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1992)

Aistriúcháin

Seo í mo Scoil (DK & Futa Fata, 2010)
Leabhar Mór na hEalaíne (DK & Futa Fata, 2010)

Eile

Foilsíodh aiste de chuid Anna dar teideal ‘The Irish for Multicultural’ sa chnuasach ‘Who Needs Irish?’, Ciarán Mac Murchaidh, eag. (Veritas, 2004)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí