Rugadh Pádraig Standún i mBaile Dabhoc, Caisleán an Bharraigh, Co Mhaigh Eo i 1946. Scríbhneoir, gníomhaí agus sagart a bhfuil cáil leathan air. Tá cáil ar mar úrscéalaí ach léiríodh go leor drámaí leis chomh maith. Léiríodh dráma dá chuid, Stigmata i dTaibhdhearc na Gaillimhe i 1996 agus bhí tuilleadh drámaí leis ar an gciorcaid amaitéarach chomh fada ó bhaile le Béal Feirste agus Londain. Díbirt Dé (Cló Iar-Chonnacht, 2007) an t-úrscéal is déanaí leis.
Bhí a dhráma Uisceinafhíon ar ghearrliosta do ghradam litríochta Chló Iar Chonnachta in 2001. Bhunaigh Bob Quinn a scannán, Budawanny (1987) ar an úrscéal, Súil le Breith. Tar éis tréimhsí sagartóireachta sa Cheathrú Rua, in Inis Meáin agus Inis Oírr Árann, agus i dTuar Mhic Éadaigh tá sé ar ais ina shéiplíneach i gCarna, Co. na Gaillimhe. Sheol Mick Lally, nach maireann, a leabhar nua: Tuar Mhic Éadaigh; Stair agus Seanchas (Cló Iar-Chonnacht, 2010) i dTuar Mhic Éadaigh cúpla lá sular fhág an Standúnach an pharóiste sin i Mí Iúil 2010.
Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010Úrscéalta
Díbirt Dé (Cló Iar-Chonnachta, 2007)
Sobalsaol (Cló Iar-Chonnachta, 2005)
Saoire (Cló Iar-Chonnachta, 1997)
Stigmata (Cló Iar-Chonnachta, 1994)
Na hAntraipeologicals (Cló Iar-Chonnachta, 1993)
Cion Mná (Cló Iar-Chonnachta, 1993)
An tAinmhí (Cló Iar-Chonnachta, 1992)
Cíocras (Cló Iar-Chonnachta, 1991)
AD 2016 (Cló Chonamara,1987)
Súil le breith (Cló Chonamara,1983)
Aistriúcháin dá shaothar atá ar fáil
Béarla:
Stigmata (Brandon, 1995) [Stigmata, aistrithe ag Pádraig Standún]
A Woman’s Love (Poolbeg, 1994) [Cion Mná, aistrithe ag Pádraig Standún]
The Anvy (Cló Iar-Chonnachta, 1993) [An tAinmhí, aistrithe ag Pádraig Standún]
Lovers (Poolbeg,1991) [Súil le Breith, aistrithe ag Pádraig Standún]
Celibates (Poolbeg, 1993) [Cíocras, aistrithe ag Pádraig Standún]
Polainnis:
Straszydlo Anvy (Sagittarius, 2005) An tAinmhí
Rómánáis:
Strigoiuil Anvy (Pandora, 2002)An tAinmhí
Gearmáinis:
Das Vieh (Pendragon,1999) An tAinmhí
Dírbheathaisnéis
Eaglais na gCatacómaí (Cló Iar-Chonnachta, 2004)