
Rugadh Siobhain Grogan sa bhliain 1970 agus tógadh í sa Nás, Contae Chill Dara. D’fhreastail sí ar Choláiste Mhuire, An Nás, agus ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, áit ar ghnóthaigh sí céim BA sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic, agus Ardteastas san Oideachas ina dhiaidh sin. Bhain sí Teastas sa Tacaíocht Foghlama agus Céim Mháistreachta san Oideachas amach ó shin. Is múinteoir lánaimseartha í i gColáiste san Doiminic, Ascail Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath ó 1993 i leith.
Tá Siobhain pósta le Mick Moriarty. Rugadh a n-iníonacha Saoirse i 2004 agus Caoimhe i 2008. Rugadh a mac, Cillian i 2009. Tá tugtha faoi ndeara aici a laghad áiseanna léitheoireachta, spraoi agus foghlama atá ar fáil i nGaeilge agus is chuige sin a scríobh sí an leabhar Cén t-am é? (Cois Life, 2009). Ainmníodh an leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló 2009 (Leabhar na Bliana do dhaoine óga).
Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010Cén t-am é? (Cois Life, 2009)