ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Pádraig Ó Cíobháin
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe

Ar an nGráig i mBaile an Fheirtéaraigh a tháinig sé ar an saol i 1951. Bhí a athair ina fheirmeoir ar an nGráig féin agus ba bhean tí a mháthair. Bhí seisear sa chlann. D’fhreastail sé ar Choláiste Bhréanainn, Cill Airne. Bhí sé ina chónaí i gCorcaigh ó chuaigh sé go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, le céim BA a bhaint amach sa Ghaeilge, sa Stair agus sa Tíreolaíocht i nDeireadh Fómhair na bliana 1969. Rinne sé an ATO sa bhliain 1972-1973. I 1975, fuair sé post meánmhúinteora i bPobalscoil Ghort Álainn i gCorcaigh.

Tá idir ghearrscéalta agus úrscéalta foilsithe aige. Ghnóthaigh a chnuasach gearrscéalta, Solas ná hÉagann Choíche (Coiscéim, 1999) duais Chomórtas Cuimhneacháin Dhonncha Uí Chéilleachair in Oireachtas na bliana 1996. Ba theagascóir é in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh nuair a ainmníodh é mar Scríbhneoir Cónaithe na Gaeilge san Ollscoil chéanna in 2003. Chríochnaigh an tréimhse sin ag deireadh 2005. Is é Dréachta Chrích Fódla (Coiscéim, 2007) an foilseachán is déanaí leis. Beidh Dréachta Chrích Fódla: Imleabhar 2 ag teacht amach go luath.

Tá cónaí air anois i nGaillimh lena bhean chéile, Kate, agus a n-iníonacha Sadhbh agus Aoife.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010

Úrscéalta

Ré an Charbaid (Coiscéim, 2003)
Faightear Gach Laoch In Aisce (Coiscéim, 2001)
Ar Gach Maoilinn tá Síocháin (Coiscéim, 1998)
Desiderius a Dó (Coiscéim, 1996)
An Gealas i Lár Na Léithe (Coiscéim 1992)

Gearrscéalta

Dréachta chrích Fódla (Coiscéim, 2007)
Tá Solas Ná hÉagann Choíche (Coiscéim,1999)
An Grá Faoi Cheilt (Coiscéim, 1992)
Le Gealaigh (Coiscéim, 1991)

Eile

Go Nuige Seo (Coiscéim, 2005) agus
Go Nuige Seo (Coiscéim, 2006) - díolaim d’ábhair cheardlann agus léamha curtha in eagar aige

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí