Iarmhúinteoir scoile is ea Pádraig Mac Fhearghusa. Tá dúthracht caite aige ag cur na Gaeilge chun cinn. Bhunaigh sé Scoil Lán-Ghaeilge Mhic Easmainn i dTrá Lí i 1978, agus tá sé ina chathaoirleach ar Ghaelcholáiste Chiarraí faoi láthair, iarbhunscoil ar a raibh sé ina phríomheagraí. Is ball de Chonradh na Gaeilge é ó 1977 agus scríobh sé Stair Chonradh na Gaeilge i gCiarraí (Coiste Dúiche Chiarraí de Chonradh na Gaeilge, 1995). Tá sé ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge faoi láthair.
D’fhoilsigh an Clóchomhar a chéad leabhar filíochta, Faoi Léigear, i 1980. Gnóthaigh na cnuasaigh Mearcair (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1996) agus An Dara Bás (Baile Átha Cliath, 2002), príomhdhuaiseanna filíochta an Oireachtais. I 1997 a d’fhoilsigh sé Tóraíocht an Mhíshonais (Baile Átha Cliath: Coiscéim), méar ar eolas i nGaeilge ar shíceolaíocht Freud agus Jung. Tá sé ina eagarthóir ar Feasta, míosachán liteartha agus polaitíochta Chonradh na Gaeilge ó 1996.
Filíocht
An Dara Bás (Coiscéim, 2002)
Mearcair (Coiscéim, 1996)
Fá Shliabh Mis agus dánta eile (Coiscéim, 1993)
Notaí treallchogaíochta ó ‘suburbia’ (Clódhanna Teoranta, 1983)
Faoi léigear (An Clóchomhar, 1980)
Eile
Tóraíocht an Mhíshonais, Príomhchoincheapa Freud & Jung (Coiscéim, 1997)
Stair
Conradh na Gaeilge i gCiarraí: a history of the Gaelic League in Kerry (Coiste Dúiche Chiarraí de Chonradh na Gaeilge, 1995)
Aistriúchán
Eolaíocht na linne seo, Eolaíocht na n-Ábhar (An Gúm, 1994) [aistriúchán ar Science for the Future: materials science le Declan Kennedy]
Eolaíocht na linne seo, Tiontuithe Fuinnimh (An Gúm, 1994) [aistriúchán ar Science for the Future, Energy Conversions le Declan Kennedy]
Gobnait Ní Bhruadair, The Hon. Albinia Lucy Brodrick, Beathaisnéis (Coiscéim, 1997) [aistriúchán ar shaothar le Pádraig Ó Loingsigh]