ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Breandán Delap ag Cois Life
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Breandán Delap
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Breandán Delap

Rugadh Breandán Delap i nGaoth Dobhair i 1965. Tá céim san Oideachas aige ó Choláiste Naomh Muire na Trócaire, Carysfort, agus Máistreacht sa Ghaeilge ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Má Nuad. Iriseoir, léirmheastóir agus údar is ea Breandán.

Bhí sé ina chéad eagarthóir ar Foinse ó 1996 go 2003. Ina Chlár-Eagarthóir le Nuacht TG4 faoi láthair. Bronnadh Gradam ‘Iriseoir na Bliana’ air faoi bhrat duaiseanna náisiúnta iriseoireachta an ESB i 2003 de bharr iniúchadh a rinne sé ar ionsaithe gnéis i gcoláistí samhraidh thar tréimhse dhá scór bliain. Bronnadh Gradam IFTA air don chlár faisnéise Mad Dog Coll i 2000 agus bhuaigh sé an phríomhdhuais don iriseoireacht chlóite san Oireachtas 1998.

Is eagarthóir cláir é le Nuacht TG4 faoi láthair. Léirmheastóir drámaíochta freisin é ag The Irish Times in iarthar na hÉireann. Tá cónaí air sa Spidéal.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010

Beathaisnéis

Mad Dog Coll : an Irish gangster (1997, Mercier)

Saothar taighde

Ar an Taifead (Cois Life, 2007) Úrscéalta stairiúla na Gaeilge (An Clóchomhar, 1993)

Saothar Foilsithe

‘Never mind the Quality, Feel the Gaelic’, in Druids, Dudes and Beauty Queens (New Island 2001).
‘Irish and the Media’, in A New View of the Irish Language (Cois Life, 2008)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí