ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Liam Mac Cóil
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe

Rugadh Liam Mac Cóil sa Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath agus ba ann a bhí cónaí air go dtí gur bhog sé go Ráth Chairn i ndeireadh na 1980í. Is iar-Eagarthóir Cúnta de chuid an Ghúim é agus iar-Rúnaí leis an gCoiste Téarmaíochta. Tá sé ar stiúrthóirí an ghrúpa foilsitheoireachta Carbad agus ón mbliain 1999 i leith tá sé féin agus an tOllamh Ruairí Ó hUiginn ina n-eagarthóirí ar Bliainiris (Carbad, 2000-), díolaim d’ábhar ilghnéitheach. Tá sé ina stiúrthóir freisin ar an gcomhlacht léirithe teilifíse Scun Scan.

I measc na n-aistriúchán atá foilsithe aige tá: Tiocfaidh lá (Carbad, 1977), aistriúchán ar Daw dydd le Ffred Ffransis agus Saibhreas Chnoic Chaspair (Oifig an tSoláthair, 1981), aistriúchán ar Trysor Bryniau Caspar le J. Selwyn Lloyd. Cuireadh athchló ar an stair áitiúil a scríobh sé ar a áit dhúchais The book of Blackrock (Carraig Books, 1977) sa bhliain 1981.

Ba é An Dochtúir Áthas (Leabhar Breac, 1994) a chead úrscéal in ainneoin gur foilsíodh roinnt mhaith gearrscéalta sna hirisí Gaeilge cheana. Ar an gcéad dul síos déarfaí go bpléann an leabhar le cúrsaí síocanailíse agus an gaol idir an dochtúir agus an cliant ach is iomaí leibhéal brí atá sa leabhar seo a bhfuil greann nach beag ag roinnt leis. Ainmníodh an leabhar ar ghearrliosta Dhuais The Irish Times agus tá an-mheas air ó shin. Bhain an dara húrscéal aige An Claíomh Solais (Carbad, 1998) le stáisiún teilifíse. In Nótaí ón lár: dialann mhantach (Leabhar Breac, 2003) léirítear an raon leathan spéise atá ag Mac Cóil agus go háirithe an tuiscint atá aige ar an gcultúr Eorpach.

Foilsíodh an t-úrscéal staire, Fontenoy, (Leabhar Breac, 2005) sa bhliain 2005 agus ghnóthaigh sé Gradam Uí Shúilleabháin do leabhar na bliana i 2006. Sa bhliain 2010 d’fhoilsigh Leabhar Breac An Chláirseach agus an Choróin: Seacht gCeolsiansa Stanford (Leabhar Breac, 2010). Is éard atá sa leabhar sin staidéar ar cheol agus ar chomhthéacs cultúrtha shaothar an chumadóra i bhfoirm dialainne gan dátaí; mar a deir an fotheideal ‘leathanaigh as dialann impriseanaíoch bunaithe ar sheacht siansa Charles Villiers Stanford móide aguisín faoi Lúireach Phádraig “Saint Patrick’s Breastplate”’.

Léiríodh drámaí raidió dá chuid ar RTÉ agus tá ailt critice aige ar scríbhneoirí cruthaitheacha na linne seo le fáil in irisí liteartha i mBéarla agus i nGaeilge.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010

Úrscéalta

Fontenoy (Leabhar Breac, 2005, 2007)
An claíomh solais: scéal fantaisíochta faoin teilifís nua (Leabhar Breac, 1998)
An Dochtúir Áthas (Leabhar Breac 1994, 2004)

Aistriúcháin

Fabhalscéalta Aesóip (An Gúm, 2004)
Ré órga na mainistreacha (An Gúm, 2004)
Eachtraí iontacha Earcail (An Gúm, 2004)
Cití cailleach (An Gúm 1997)
Leabhar beag cócaireachta Éireannach (1991 Appletree Press)
Saibhreas chnoic Chaspair (Oifig an tSoláthair, 1981)
Tiocfaidh lá (Carbad, 1977)

Saothair Chritice

An chritic theoiriciúil agus an nualitríocht (Tráchtas neamhfhoilsithe, Coláiste na Tríonóide, 1997)

Eile

An Chláirseach agus an Choróin: Seacht gCeolsiansa Stanford (Leabhar Breac, 2010)
Nótaí ón lár: dialann mhantach (Leabhar Breac, 2002)
Toirealach Ó Cearúlláin (Leabhar Breac, 2000)
The Book of Blackrock (Carraig Books, 1977, 1981)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí