ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Pearse Hutchinson
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe

Rugadh é i nGlaschú i 1927 ach d’aistrigh a mhuintir go hÉirinn tamall de bhlianta ina dhiaidh sin. Ba as Baile Átha Cliath dá athair agus ba as Tír Chonaill dá mháthair. D’fhreastail sé ar Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Synge agus ar Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath.

Tá an cuid mhór taistil déanta aige, go háirithe ar fud na hEorpa: san Eilvéis, san Iodáil, san Ostair, sa tSualainn, i Sasana, agus go háirithe sa Spáinn. Scríobhann Pearse sa Bhéarla agus sa Ghaeilge agus tá roinnt mhaith teangacha Eorpacha ar a thoil aige. D’oibrigh sé mar aistritheoir sa Ghinéiv ó 1951 go 1953 agus bhí cónaí air in Barcelona ó 1954 go 1957 agus arís ó 1961 go 1967. Tá cónaí air I mBaile Átha Cliath agus is ball den Aosdána é. Áirítear é ar fhilí móra na linne seo.

Is iad na príomhchnuasaigh atá foilsithe ag Pearse sa Ghaeilge

Faoistin bhacach (An Clóchomhar, 1968);
Le cead na gréine (An Clóchomhar, 1989).

Arna cnuasaigh Bhéarla atá aige tá:

Tongue without hands (Dolmen Press, 1963;
Expansions (Dolmen Press, 1969); Watching the morning grow (Dublin: The Gallery Press, 1972);
Thefrost is all over (The Gallery Press, 1975);
Selected poems (The Gallery Press, 1980);
Climbing the light (The Gallery Press, 1985); agus
Barnsley mainstream (The Gallery Press, 1995).

Aistríodh rogha dá shaothar Gaeilge go Béarla in The soul that kissed the body (The Gallery Press, 1991) agus foilsíodh Collected Poems (The Gallery Press, 2002) chun a bhreithlá 75 a cheiliúradh. Chuaigh sé i bpáirt leis an Ollamh Melita Cataldi chun bailiúchán de liricí Gaeilge ó na meánoiseanna a aistriú go hIodáilis in Antica lirica Irlandese (Einaudi, 1981). Sa bhliain 2003 foilsíodh bailiúchán d’aistriúcháin a rinne se ó theangacha éagsúla, go háirithe ón gCatalóinis agus ó Phortaingéilis Galicia faoin teideal Done into English (Oldcastle: The Gallery Press, 2003). Is é Least For A While (The Gallery Press, 2008) an cnuasach filíochta is déanaí leis.

Seo dán dá chuid:

Amhrán Bréagach

I mbeatha eile dá cuid fadó;
‘s gur fhág fós gan críochnú
dealbh mhór shuaimhneach an bhúda.
Gheall an cailín go gcríochnódh
si féin an dealbh naofa.

Dá mb’fhíor athbhreith
cá bhfios nach dtiocfadh ar an saol arís
ambasadóir ina rúnaí óg,
ina chailín? Iarla ríoga
ina bhádóir óg, ina bhuachaill
cúig bliana déag d’aois
ar loch geal na síochána?
clúmh-agus-tarradóir ina bhean óg,
i ngrá le saighdiúr gallda?
nó saighdiúr marfach aineolach
ina stailc ocrais,
ina bhró feamainne?

Nó gach duine mór-le-rá
ina dhuine?

Nó, ina fheithid --

Agus an bhádóir óg
cá bhfios nach dtiocfadh ar ais
ina dhealbhádóir an áthais?

© Pearse Hutchinson

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010

Filíocht

Faoistin bhacach ( BÁC: An Clóchomhar, 1968);
Le cead na gréine (BÁC: An Clóchomhar, 1989):
Tongue without hands (Dublin: Dolmen Press, 1963;
Expansions (Dublin: Dolmen Press, 1969); Watching the morning grow (Dublin: The Gallery Press, 1972);
Thefrost is all over (Dublin: The Gallery Press, 1975);
Selected poems (Oldcastle: Gallery Press, 1980);
Climbing the light (Oldcastle: The Gallery Press, 1985); agus
Barnsley mainstream (Oldcastle: Gallery Press, 1995).

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí