Rugadh Philip Cummings i mBéal Feirste i 1964. Tá Baitsiléir Ealaíon i gCeiltis agus Fraincis (1987) agus Teastas Iarchéime san Oideachas (1988) aige ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus Dioplóma Iarchéime i dTeangacha Feidhmeacha le haghaidh Gnó (1995) ó Ollscoil Uladh, Cúil Raithin.
Chaith sé seal ag obair ina mhúinteoir teangacha sular aithin sé nár réitigh an cheird sin leis, ná eisean léi. Seal ar an dól ansin, seal eile ag obair in earnáil na cáilíochta sular chaith sé 6 bliana ina riarthóir in Ollscoil na Banríona. Ó Mheán Fómhair 2003 go dtí Deireadh Fómhair 2008, bhí sé ina Eagarthóir Ealaíon ar Lá Nua. Tá rogha dá cholúin ghreannmhara ón nuachtán, Dar Liom, foilsithe freisin. Tá saothair leis foilsithe sna díolaimí The Echoing Years (WIT, 2007), Fearann Pinn (Cóiscéim, 2001), An Chéad Chló (Cló Iar- Chonnachta, 1997) agus An Dubh-Thuaisceart (An Clochán, 1995). Bhí sé ina eagarthóir ar Ár nuachtán laethúil: fiche bliain de Lá (Coiscéim, 2004), díolaim alt ón nuachtán le fiche bliain de Lá a cheiliúradh, agus ar Lón Léitheoireachta 1 (Coiscéim, 2005), cnuasach de ghearrscéalta agus de dhánta a foilsíodh ar an leathanach Scríbhneoireacht Nua i Lá. Foilsíodh an dara leabhar sa tsraith, Lón Léitheoireachta 2, i samhradh 2008.
Bhain gearrscéal Béarla leis duais sna Brian Moore Short Story Awards, 1996, agus bhain sé duais BBC Raidió Uladh don dán grá is fearr in 2002. Bhain sé duais Oireachtais in 2005 ar a chuid léirmheastóireachta ar fhilíocht nua-aimseartha. Bhuaigh a chéad chnuasach filíochta, Néalta (Coiscéim, 2005), duais na Gaeilge i ngradaim Glen Dimplex do scríbhneoirí nua in 2006, agus bhí an leabhar céanna ar an ghearrliosta don Eithne & Rupert Strong Award, 2006. Tá an dara leabhar sa tsraith, Lón Léitheoireachta 2 (Coiscéim, 2008), á ullmhú aige faoi láthair.
D’éalaigh sé ó Bhéal Feirste le déanaí, agus tá cónaí air anois in áit rúnda faoin tuath ar bhruacha Loch Beag, Contae Aontroma, ceantar dúchais a mhná céile.
Dar Liom (Coiscéim, 2008)
Lón Léitheoireachta 2 (Coiscéim, 2008)
Lón Léitheoireachta 1, (Coiscéim, 2005)
Néalta (Coiscéim, 2005)
Ár nuachtán laethúil: fiche bliain de Lá (Coiscéim, 2004)