Is i gCorcaigh i 1961 a rugadh é. Ba as Cóbh, Co. Chorcaí dá athair, Seán. Ba chléireach i mBord Soláthair an Leictreachais é. Ba as Baile Nóra, Co. Chorcaí dá mháthair, Eithne. Bhí ceathrar buachaillí sa chlann, Colm an tríú duine acu. D’fhreastail sé ar Choláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair, Co. Chorcaí agus ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Bhain sé céim MA amach sa Ghaeilge le tráchtas ar shaothar an fhile Liam S. Gógan. Tar éis na hollscoile thug sé tréimhse ag obair ar Fhoclóir na Nua-Ghaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann sula ndeachaigh sé isteach sa Choiste Téarmaíochta sa Roinn Oideachais. Chaith sé aon bhliain déag ag obair mar théarmeolaí agus ansin ghlac sé le post i Rannóg an Aistriúcháin, Teach Laighean, sa bhliain 1997. Ó 1986 i leith tá cónaí air i Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara.
Bhuaigh an chéad chnuasach thuas Duais Bhardas Chorcaí i gcomórtas an Oireachtais i 1991. Bhuaigh Scáthach (Coiscéim, 1994) agus Croí agus Carraig (Coiscéim, 1995) an Phríomhdhuais don Fhilíocht san Oireachtas i 1994 agus 1995 faoi seach. Tugadh aitheantas don chnuasach An Fear Marbh i gComórtas Filíochta Chló Iar-Chonnachta i 1997 agus bronnadh duais aitheantais ar Chiaroscuro (Coiscéim, 2006) in Oireachtas na bliana 2006. Sa bhliain 1999 bhronn an Foras Cultúrtha Gael-Mheirceánach duais an Bhuitléirigh air mar aitheantas ar a shaothar filíochta. Bronnadh an dara duais air sa rannóg Úrscéal–- Ficsean Éadrom i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2009 dá leabhar Con Trick an Bhalla Bháin (Cló Iar-Chonnacht, 2009). Saothar meitificsin é seo ina ndéantar iniúchadh ar an gcaidreamh idir an léitheoir agus an t-údar.
I bpáirt leis an Dr. Andrea Nic Thaidhg d’aistrigh Colm an t-úrscéal Katz und Maus le Günter Grass mar Cat agus Luch (Coiscéim, 2000) agus i 2001 rinne sé an t-aistriúchán Gaeilge ar an léacht Nobel a thug Grass faoin teideal ‘Leanfar De…’ le haghaidh eagráin thrítheangaigh (Gearmáinis, Gaeilge agus Béarla) a chuir Cumann Aistritheoirí agus Teangairí na hÉireann amach.
D’fhoilsigh Ars Longa Barbatul fara viaa (Iasi, 1999) leagan Rómáinise de An Fear Marbh (Cló Iar-Chonnacht, 1998). Is iomaí díolaim a bhfuil saothar leis iontu, ina measc Keltische liebesgedichte ina bhfuil bundánta Gaeilge móide aistriúcháin go Gearmáinis agus Bolirà La Rugiada ina bhfuil aistriúcháin go hIodáilis. Aistríodh dánta leis go Gaeilge na hAlban, go Béarla agus go Fraincis chomh maith. Tá sé luaite san Encyclopaedia of Ireland.
Seo, thíos, dán dá chuid:
Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010Éanlathas
Agus na laethanta eile sin
nach raibh de théad cheangail eadrainn
ach eagla agus gá -
a chaitheamar ar an gcaolchuid
idir sliabh agus trá,Thagainn chugat le mála lán
de scéalta anuas ón ard;
aiteann agus fraoch is rás
an damh dá fhiach isteach gan tlás
ag rúchladh leis i gcoinne an aird
na coin ina dhiaidh cruinne ar a shála
gur fhás ar an damh dhá sciathán
is gur éalaigh uainn ina eala bhán,
mála folamh
lán go béal
d’ardscéalta.An uair sin chínn an éanlaith
ag éalú leo ód’ shúile
ag triall ar thír thar shliabh do ghualainne.Aníos ón gcaoláire
a thagtása led mhála
lán de fhraoch na mara agus boladh an tsáile,
eascanna ag lúbadh i sreanga na heangaí,
báid dá scriosadh ar charraigreacha feannta
is feamainn ag slíocadh ghruaig na bhfear báite
is an t-uisce ag sciobadh uait síoda na hAráibe
is an taoide ag breith léir bairillí fíona na Spáinne.Le gach focal ód’ bhéal,
an uair sin, chínn arís na héin ag éalú
is ag eitilt as raon do shúl.Anseo i lár na má dhúinn
tá fuacht nár bhraitheas riamh ar an ard sin
is nár bhraithis a déarfainn ag bun caoláire.
Tá fáil anseo ar lón go rábach,
ach chím arís id’ shúile scáfara
éin ag éalú faoi dhéin malairt muráite.
Coiscéim i mBaile Átha Cliath agus Cló Iar-Chonnachta a d’fhoilsigh a chuid filíochta:
Con Trick an Bhalla Bháin (Cló Iar-Chonnacht, 2009)
Cantaic an Bhalbháin (Coiscéim, 1991)
An Fearann Breac (Coiscéim, 1992)
Scáthach (Coiscéim, 1994)
Croí agus Carraig (Coiscéim, 1995)
An Fear Marbh (Cló Iar-Chonnachta, 1998)
Chiaroscuro (Coiscéim, 2006)